D’eisigh an rialtas a ráiteas eacnamaíoch samhraidh an tseachtain seo, ina leagtar amach paraiméadair bheartaithe cháinaisnéis Dheireadh Fómhair.
Is é an ráiteas an chéad léiriú ar an méid airgid atá le caitheamh ar na gealltanais a chomhlíonadh. Tá tuairimíocht ann go mbeidh figiúirí idir €9 billiún agus €10 billiún i gceist, agus b’fhéidir €1.5 billiún de sin ar chiorruithe cánach agus an chuid eile ar chaiteachas. Tá cuid mhór den chaiteachas sannta go héifeachtach cheana féin, ar ndóigh, chun costais daonra atá ag méadú a chlúdach.
Ach is é is suntasaí sna díospóireachtaí faoin ráiteas seo agus faoin gcáinaisnéis atá beartaithe ná, ó Fhine Gael agus ó Fhianna Fáil araon, go bhfuil an bhéim ar chiorruithe cánach. Déanfaidh ciorruithe den chineál leas ach go háirithe, ar ndóigh, don dream siúd a bhfuil an chuid is mó acu cheana féin.