Tá cosc náisiúnta ar úsáid píobán uisce i bhfeidhm ar fud na tíre ó mheán oíche aréir (Dé hAoine, 24 Iúil), agus beidh na srianta i bhfeidhm go dtí an 26 Lúnasa mar iarracht soláthairtí uisce óil a chosaint tar éis tréimhse fhada teasa agus triomaigh.
Tá an tOrdú Caomhnaithe Uisce i bhfeidhm anois i ngach ceann de na 26 chontae. Go dtí seo, ní raibh na srianta i bhfeidhm ach i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus i gcodanna de Chill Dara, den Mhí, de Loch Garman, de Chill Mhantáin agus de dheisceart Thiobraid Árann.
Faoi na rialacha nua, níl cead píobáin uisce a úsáid chun gairdíní a uisciú, gluaisteáin a ní ná linnte snámha a líonadh. Tá cead fós uisce a úsáid i mbuicéid, i gcannaí uisce agus i gcoimeádáin láimhe eile.
Tá an cosc curtha i bhfeidhm in ainneoin go bhfuil báisteach tuartha ag Met Éireann don deireadh seachtaine. De réir Uisce Éireann, áfach, ní bheidh an bháisteach sin sách mór ná sách fada chun an dochar a rinne an tréimhse fhada thirim a leigheas ná chun leibhéil na bhfoinsí uisce a athbhunú.
Tá an eagraíocht tar éis a chur in iúl go bhfuil an t-éileamh ar uisce óil méadaithe go suntasach le linn na haimsire teo le cúpla seachtain anuas, rud a chuir brú mór ar fhoinsí uisce agus ar ghléasraí cóireála. I roinnt ceantar, tá comharthaí ann go bhfuil foinsí screamhuisce faoi strus, agus tá laghdú tagtha ar an méid uisce atá ar fáil. Tá dúshláin ar leith ann freisin i gceantair chósta agus i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath, áit a mbíonn an t-éileamh níos airde ná an cumas táirgthe go minic.
Dúirt Bainisteoir Sinsearach Straitéise Sócmhainní Uisce Éireann, Mairéad Conlon, gur léirigh an pobal comhoibriú maith sna ceantair ina raibh srianta i bhfeidhm cheana féin. D’iarr sí ar dhaoine leanúint de bheith cúramach agus gan ach an méid uisce atá riachtanach a úsáid go dtí go dtiocfaidh feabhas ar an scéal.
Tá Uisce Éireann ag moladh don phobal cithfholcadáin níos giorra a ghlacadh, sconnaí agus leithris atá ag sileadh a dheisiú, agus úsáid neamhriachtanach uisce a sheachaint. Deir an comhlacht gur féidir le píobán gairdín nó spréire uisce amháin a úsáid ar feadh uair an chloig an méid céanna uisce a ídiú is a úsáideann gnáththeaghlach i rith lá iomlán.
Tagann an cosc seo i ndiaidh samhradh neamhghnách te agus tirim, agus tréimhsí triomaigh nó gar-thriomaigh ann i gcuid mhór den tír. Cé go bhféadfadh báisteach an deireadh seachtaine faoiseamh sealadach a thabhairt, deir Uisce Éireann go mbeidh iarracht chomhchoiteann ón bpobal riachtanach chun soláthairtí uisce a chosaint sna seachtainí amach romhainn.