Rúnaí Stáit úr do na Sé Chontae, ach an gciallaíonn sé ré úr faoi Burnham?

D’fhógair Andy Burnham, Príomh-Aire úr na Breataine, a chomh-aireacht agus é ceaptha. Tháinig sé aniar aduaidh ar roinnt daoine sna Sé Chontae agus Hilary Benn bainte óna ról mar Rúnaí Stáit ar na Sé Chontae. 

Dúirt Benn, a ceapadh mar Rúnaí Stáit in 2024, gur pribhléid mhór a bhí ann an ról a dhéanamh agus an obair a rinne sé le roinnt daoine iontacha ar bhuail sé leo le dhá bhliain anuas.

Tháinig an fógra aniar aduaidh mar gheall gur thosaigh Benn cainteanna leis na páirtithe sa Tionól agus le hoifigigh sa Státchiste chun buiséad ilbhliantúil a aontú. Beidh sé de dhualgas ar Chris Bryant anois leanúint ar aghaidh leis na hiarrachtaí sin.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.