
Grianghraf: Eoghan Ó Neill
Tá comharthaí tráchta agus marcanna bóthair dátheangacha curtha i bhfeidhm anois i gCeathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste, i bhforbairt atá curtha chun cinn mar chéim mhór chun infheictheacht agus úsáid na Gaeilge i spásanna poiblí a neartú.
Tá an chomharthaíocht nua suite ar Bhóthar na bhFál idir Bóthar Chluanaí agus Bóthar na Carraige Báine, áit a léirítear eolas faoi lánaí bus agus faoi shocruithe páirceála i nGaeilge agus i mBéarla. Is í seo an chéad scéim dá leithéid i dTuaisceart Éireann agus tá sí mar chuid de thionscadal píolótach a cuireadh chun cinn i gcomhar idir an Roinn Bonneagair, Forbairt Feirste, Conradh na Gaeilge agus páirtithe leasmhara eile.
Chuir an tAire Bonneagair, Liz Kimmins, fáilte roimh an dul chun cinn agus dúirt sí gur céim dhearfach eile é don Cheathrú Ghaeltachta.
“Is dul chun cinn dearfach eile don Cheathrú Ghaeltachta é cur in áit na comharthaíochta dátheangaí seo ar na bóithre sa cheantar sna seachtainí beaga amach romhainn, agus léiríonn sé an tiomantas s’agam cloí leis an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh,” a dúirt sí.
Dúirt an tAire freisin go léiríonn an Ghaeilge “an fhéiniúlacht agus an cultúr i bpáirt againn fud fad an oileáin seo” agus ghabh sí buíochas le Forbairt Feirste agus le Conradh na Gaeilge as a gcuid feachtasaíochta ar son comharthaíocht dhátheangach.
Ag labhairt thar ceann Fhorbairt Feirste, dúirt an Bainisteoir Tionscadail, Piarais Mac Alastair, gur forbairt shuntasach í an scéim don phobal.
“Is forbairt thábhachtach agus dhearfach í tabhairt isteach comharthaí tráchta bóthair dátheangacha don Cheathrú Ghaeltachta agus don phobal Gaeilge i gcoitinne. Is léiriú infheicthe féiniúlachta í an teanga, agus aithníonn na comharthaí seo réaltacht laethúil na mílte duine a chónaíonn, a oibríonn, a dhéanann staidéar agus a thugann cuairt ar an gcuid seo de Bhéal Feirste.”
Dúirt sé freisin gur léirigh an tionscadal píolótach an méid is féidir a bhaint amach nuair a oibríonn an rialtas agus an pobal le chéile agus d’iarr sé go leathnófaí an scéim chuig an gCeathrú Ghaeltachta mhéadaithe atá aitheanta le déanaí ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste.
Chuir Conradh na Gaeilge fáilte mhór roimh an bhfógra freisin. Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Cearta Teanga, gur “forbairt ríthábhachtach” í don Phlean Teanga d’Iarthar Bhéal Feirste.
“Tá ról fíorthábhachtach ag comharthaíocht dhátheangach maidir le feiceálacht agus normalú na Gaeilge a mhéadú laistigh dár spásanna poiblí comhroinnte. Táimid ag súil anois le bheith ag obair leis an Aire agus leis na comhpháirtithe ábhartha uile chun go ndéanfar an tionscadal píolótach rathúil seo a chur i bhfeidhm i bpobail eile go fíor-luath amach anseo.”
D’fháiltigh Coimisinéir na Gaeilge, Pól Deeds, roimh an tionscnamh chomh maith agus dúirt sé go n-aithníonn an scéim an pobal bríomhar Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste. Dúirt sé go bhfuil ról lárnach ag údaráis phoiblí i bpleanáil agus i gcosaint na teanga agus léirigh sé dóchas go leathnófar an tionscnamh chuig ceantair eile amach anseo de réir na gCaighdeán Dea-Chleachtais atá á bhforbairt ag a oifig.