Éilíonn EnergyCloud gníomh i mBuiséad 2027 chun fuinneamh in-athnuaite atá á chur amú a úsáid chun dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh

Tá glao déanta ag an eagraíocht EnergyCloud ar an Rialtas leas a bhaint as fuinneamh in-athnuaite atá á chur amú faoi láthair chun cabhrú le teaghlaigh atá ag maireachtáil i mbochtaineacht fuinnimh, mar chuid dá haighneacht réamhbhuiséid do Bhuiséad 2027.

De réir na heagraíochta, meastar go gcuirfear níos mó ná €600 milliún d’fhuinneamh gaoithe in-athnuaite amú in Éirinn i mbliana. Luaigh sí freisin gur léirigh taighde ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) go bhféadfaí, ar chostas €375 milliún sa bhliain, cabhrú le suas le 550,000 teach éirí as bochtaineacht fuinnimh, rud a laghdódh brú an chostais maireachtála agus spleáchas na tíre ar bhreoslaí iontaise.

Tá trí phríomh-mholadh á ndéanamh ag EnergyCloud. Ina measc tá creidmheasanna spriocdhírithe fuinnimh in-athnuaite a bhunú do theaghlaigh atá i mbochtaineacht fuinnimh, cabhlach náisiúnta de shócmhainní fuinnimh cliste agus solúbtha a fhorbairt chun fuinneamh breise a stóráil, agus a chinntiú go mbeidh gléasanna téimh agus stórála atá solúbtha ó thaobh éilimh de suiteáilte i ngach teach sóisialta nua agus i ngach athchóiriú amach anseo.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.