Deimhniú iomrall ceartais d’íospartach an Díorma Chruaidh

Thóg sé thart ar 15 nóiméad ar na trí bhreitheamh sa Chúirt Achomhairc Dé Máirt cinneadh a dhéanamh ar an mbreithiúnas agus bhronn siad Deimhniú Iomrall Ceartais ar Osgur Breatnach maidir lena chiontú mícheart i robáil Thraein Phoist na Sollán in 1976. Ba é Breatnach duine de 40 ball den IRSP a gabhadh, cuid acu ag baill de ghrúpa scáthach laistigh de na Gardaí ar a dtugtaí ‘an Díorma Crua’ a raibh cáil orthu as admhálacha a fháil agus d’admhaigh roinnt de na daoine a gabhadh coireanna nár dhein siad. 

In ainneoin fianaise leighis agus a maíomh gur céasadh iad, ciontaíodh Breatnach, Brian McNally agus Nicky Kelly sa Chúirt Speisialta neamhghiuiré ar bhonn a ráiteas amháin. I gcás Mick Plunkett, duine nár thug aon admháil, fuarthas neamhchiontach é, ach gearradh pianbhreith 12 bhliain príosúnachta ar Bhreatnach agus Kelly agus 8 mbliana príosúnachta ar McNally.

D’éalaigh Nicky Kelly, an t-aon mharthanóir eile inniu as an gceathrar a cuireadh ar a dtriail, an lá roimh an mbreithiúnas agus an phianbhreith.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.