Thóg sé thart ar 15 nóiméad ar na trí bhreitheamh sa Chúirt Achomhairc Dé Máirt cinneadh a dhéanamh ar an mbreithiúnas agus bhronn siad Deimhniú Iomrall Ceartais ar Osgur Breatnach maidir lena chiontú mícheart i robáil Thraein Phoist na Sollán in 1976. Ba é Breatnach duine de 40 ball den IRSP a gabhadh, cuid acu…
Tá cás an ULM 5 ar siúl faoi láthair sa Ghearmáin. Tá sé curtha i leith an ULM 5 go ndearna siad damáiste coiriúil ar mhonarcha Elbit in Ulm na Gearmáine. Tá Éireannach i measc an ULM 5, sin é Daniel Tatlow-Devally, arb as Baile Átha Cliath dó. Leis an gcás ag dul ar aghaidh…

An tseachtain seo caite, thug scata Gael, nach raibh mórán taithí acu ar an bhfarraige, leo i gcuracha agus i naomhóga i mBá Átha Cliath. Le croí éadrom agus fonn fiosrachta, chuir siad a n-aghaidh ar na tonnta, ag iarraidh léargas nua a fháil ar an stair agus ar an dúlra trí mheán na bádóireachta…

D’fhoilsigh RTÉ a Thuarascáil Bhliantúil do 2025, ina léirítear gur thaifead an craoltóir barrachas €22.5 milliún don bhliain, méadú suntasach ar an €5.5 milliún a taifeadadh in 2024. Léiríonn an tuarascáil freisin gur chosain an Clár Imeachta Dheonaigh (Voluntary Exit Programme – VEP) €8.5 milliún, agus gur fhág 67 ball foirne an eagraíocht faoin scéim.…

Tá céim nua bainte amach ag an bhfeachtas Inis Dom! tar éis seoladh poiblí oifigiúil a reáchtáil in Ostán an Old Ground in Inis, Co. an Chláir, áit ar tháinig gnólachtaí, ionadaithe pobail agus lucht tacaíochta na Gaeilge le chéile chun tús a chur leis an gcéad chéim eile den tionscnamh. Is é príomhaidhm an…
Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie Dé hAoine an 24 Iúil Pop Up Gaeltacht8.30 pmTigh Tadhg Óg (Iartheach tábhairne Humes) Port Laoise, R32 Y585Fáilte roimh gach leibhéal GaeilgeArna eagrú ag Cumann Gaelach Chontae Laoise Dé Sathairn an 25…
Tá parkrun Ireland agus TG4 ag tabhairt cuireadh do dhaoine ar fud na tíre dathanna a gcontae a chaitheamh ag imeachtaí parkrun an deireadh seachtaine seo mar chuid de cheiliúradh Chluichí Ceannais Chraobhchomórtas na hÉireann TG4 i bPeil na mBan. Tá an tionscnamh, Caith Dathanna do Chontae, dírithe ar phobail a thabhairt le chéile agus…
Anois go bhfuil comórtas reatha Chorn an Domhain críochnaithe go ceann ceithre bliana eile – comórtas a mhaireann mí go leith anois agus 48 iomaitheoir ann seachas mí iomlán agus 32 iomaitheoir ann mar a bhí roimhe – tá neart conspóide ann, ní hamháin faoi chuid de na cluichí ach an pholaitíocht a bhain le…
Tá comhairliúchán poiblí sé seachtaine seolta ag an gCoimisiún Meabhair-Shláinte (MHC) chun na chéad Chaighdeáin Náisiúnta do Sheirbhísí Meabhairshláinte Leanaí agus Déagóirí (CAMHS) a fhorbairt. Tá sé mar aidhm ag an bpróiseas seo a chinntiú go mbeidh seirbhísí meabhairshláinte do dhaoine óga níos sábháilte, níos comhsheasmhaí agus bunaithe ar chearta an duine. Tagann an tionscnamh…

Bhí an Ghaeilge go mór chun cinn ag Gradaim Aitheantais CRAOL 2026, a reáchtáladh in Óstán Shamrock Lodge, Baile Átha Luain, (Déardaoin an 16ú Iúil). Tugadh aitheantas do sheacht gclár raidió pobail sa chatagóir Ghaeilge, rud a léirigh an obair mhór atá ar bun ag stáisiúin ar fud na tíre chun an teanga a chur…