
Tá céim nua bainte amach ag an bhfeachtas Inis Dom! tar éis seoladh poiblí oifigiúil a reáchtáil in Ostán an Old Ground in Inis, Co. an Chláir, áit ar tháinig gnólachtaí, ionadaithe pobail agus lucht tacaíochta na Gaeilge le chéile chun tús a chur leis an gcéad chéim eile den tionscnamh. Is é príomhaidhm an fheachtais ná infheictheacht agus úsáid laethúil na Gaeilge a mhéadú ar fud an bhaile agus tuilleadh gnólachtaí a spreagadh le cúpla focal Gaeilge a úsáid ina ngnáthchumarsáid.
Le linn na hócáide, rinneadh ceiliúradh ar an dul chun cinn atá bainte amach go dtí seo. Tá breis agus fiche gnólacht agus seirbhís phoiblí páirteach san fheachtas anois, agus tá pacáistí eolais dáilte chuig níos mó ná céad gnólacht in Inis le seachtainí beaga anuas. Léiríodh freisin an chéad taispeántas poiblí den fhíseán bolscaireachta nua, a chuireann samplaí simplí ar fáil de na bealaí ar féidir an Ghaeilge a úsáid mar chuid den tseirbhís do chustaiméirí. Leanann an feachtas de bheith ag cur chun cinn an mhana “Frásaí Beaga, Tionchar Mór”.
I measc na gcainteoirí bhí Méara na hInse, an Comhairleoir Tommy Guilfoyle, ionadaithe ó An Clár as Gaeilge agus ó Chomhairle Contae an Chláir, chomh maith le Méabh Holland, Rós an Chláir agus ambasadóir an fheachtais. Bhí Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, agus Ursula Ní Shabhaois, Comhordaitheoir Pleanála Teanga, i láthair freisin, rud a léirigh an tacaíocht atá á tabhairt don tionscnamh ar leibhéal náisiúnta chomh maith leis an leibhéal áitiúil.
Dúirt Leah Ní Thailtigh, Oifigeach Pleanála Teanga le An Clár as Gaeilge, go raibh an fhreagairt ar an bhfeachtas níos fearr ná mar a rabhthas ag súil leis.
“Tá an fhreagairt ar Inis Dom! tar éis dul thar ár n-ionchais. Ó na gnólachtaí a d’oscail a ndoirse dúinn, go dtí na hoibrithe deonacha a chabhraigh linn na pacáistí eolais a dháileadh agus an líon mór daoine a d’fhreastail ar an seoladh féin, tá an tacaíocht ó mhuintir na hInse thar barr,” a dúirt sí.
Dúirt Ruairí Henchy, Oifigeach Forbartha Gaeilge agus Cumarsáide le Comhairle Contae an Chláir, gur sampla maith é an feachtas den mhéid is féidir a bhaint amach trí chomhoibriú idir gnólachtaí, eagraíochtaí pobail agus an t-údarás áitiúil.
“Tá an díograis atá feicthe againn go dtí seo thar a bheith spreagúil agus tá súil againn go mbeidh tuilleadh gnólachtaí páirteach de réir mar a fhásann an feachtas,” a dúirt sé.
Is comhthionscnamh é Inis Dom! idir An Clár as Gaeilge, Comhairle Contae an Chláir agus gnólachtaí áitiúla. Cuireann sé acmhainní agus tacaíocht ar fáil do ghnólachtaí agus do sheirbhísí poiblí chun an Ghaeilge a thabhairt isteach ina gcomharthaíocht, ar na meáin shóisialta agus ina gcumarsáid laethúil. Leanfar leis an bhfeachtas sna míonna amach romhainn agus tá sé mar aidhm aige an Ghaeilge a dhéanamh níos feiceálaí i saol laethúil bhaile na hInse.