Caith dathanna do chontae ag parkrun chun Cluichí Ceannais TG4 i bPeil na mBan a cheiliúradh

Tá parkrun Ireland agus TG4 ag tabhairt cuireadh do dhaoine ar fud na tíre dathanna a gcontae a chaitheamh ag imeachtaí parkrun an deireadh seachtaine seo mar chuid de cheiliúradh Chluichí Ceannais Chraobhchomórtas na hÉireann TG4 i bPeil na mBan.

Tá an tionscnamh, Caith Dathanna do Chontae, dírithe ar phobail a thabhairt le chéile agus tacaíocht a léiriú do pheil na mban. Iarrtar ar rannpháirtithe geansaí nó dathanna a gcontae a chaitheamh ag parkrun Dé Sathairn, an 25 Iúil, nó ag junior parkrun Dé Domhnaigh, an 26 Iúil, beag beann ar cibé acu atá a gcontae páirteach sna cluichí ceannais nó nach bhfuil.

Beidh thart ar 160 imeacht parkrun agus junior parkrun ar siúl ar fud na hÉireann i rith an deireadh seachtaine. Tá sé mar aidhm ag an gcomhpháirtíocht seo rannpháirtíocht sa spórt a spreagadh, béim a leagan ar an obair dheonach agus ar an bpobal, agus próifíl spórt na mban a neartú.

Dúirt Jenny Branigan, Bainisteoir Críche ag parkrun Ireland, go raibh áthas ar an eagraíocht a bheith ag obair le TG4 chun Cluichí Ceannais na hÉireann a cheiliúradh agus pobail a spreagadh le bheith gníomhach le chéile.

“Leanann spórt na mban ag spreagadh daoine de gach aois, agus is deis iontach é an comhoibriú seo chun an ról atá aige inár bpobail a cheiliúradh. Tá súil againn go mbeidh lucht parkrun ar fud na tíre ag caitheamh dathanna a gcontae go bródúil agus ag baint taitnimh as deireadh seachtaine spraíúil, fáilteach,” a dúirt sí.

Dúirt Rónán Ó Coisdealbha, Ceannasaí Spóirt TG4, gur ceiliúradh iad cluichí ceannais na hÉireann ar “an scil, an paisean agus an tiomantas” a léiríonn imreoirí, contaetha agus pobail ar fud na tíre.

“Tá súil againn go gcaithfidh daoine de gach aois dathanna a gcontae, go mbeidh siad gníomhach le chéile agus go gcuirfidh siad leis an spleodar roimh Lá na gCluichí Ceannais i bPáirc an Chrócaigh. Deis iontach atá ann an tionchar dearfach a bhíonn ag cluichí Gaelacha agus ag spórt na mban i bpobail ar fud na tíre a cheiliúradh,” a dúirt sé.

Beidh fáilte roimh chách páirt a ghlacadh sa deireadh seachtaine Caith Dathanna do Chontae, beag beann ar aois, ar chumas ná ar an gcontae a dtacaíonn siad leis.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.