Comhairliúchán poiblí seolta chun na chéad chaighdeáin náisiúnta do CAMHS a mhúnlú

Tá comhairliúchán poiblí sé seachtaine seolta ag an gCoimisiún Meabhair-Shláinte (MHC) chun na chéad Chaighdeáin Náisiúnta do Sheirbhísí Meabhairshláinte Leanaí agus Déagóirí (CAMHS) a fhorbairt. Tá sé mar aidhm ag an bpróiseas seo a chinntiú go mbeidh seirbhísí meabhairshláinte do dhaoine óga níos sábháilte, níos comhsheasmhaí agus bunaithe ar chearta an duine.

Tagann an tionscnamh i ndiaidh achtú an Achta Meabhair-Shláinte 2026, a chruthaíonn creat dlí nua do CAMHS. Faoin reachtaíocht nua, beidh seirbhísí pobail CAMHS faoi rialáil an Choimisiúin Meabhair-Shláinte, rud a leathnaíonn a chúram maoirseachta thar na seirbhísí cónaithe atá faoina chúram cheana féin. Nuair a chuirfear forálacha ábhartha an Achta i bhfeidhm, beidh foirne CAMHS pobail faoi réir cláraithe, cigireachta, monatóireachta agus forfheidhmithe ag an gCoimisiún.

Tá an Coimisiún ag lorg tuairimí ó leanaí, ó dhaoine óga, ó thuismitheoirí, ó theaghlaigh agus ó chúramóirí, chomh maith le gairmithe atá ag obair laistigh de CAMHS, lena n-áirítear baill foirne ildisciplíneacha, abhcóidí, lucht tacaíochta piaraí agus soláthraithe seirbhísí meabhairshláinte. Bainfear úsáid as an aiseolas chun na caighdeáin a thabhairt chun críche agus chun Cóid Chleachtais nua a fhorbairt faoin Acht Meabhair-Shláinte 2026.

Leagtar amach sna dréachtchaighdeáin thart ar 70 ráiteas a mhíníonn cén chuma ba cheart a bheith ar chúram ardchaighdeáin anois agus amach anseo. Clúdaíonn siad réimsí éagsúla, ina measc rialachas agus ceannaireacht, bainistiú eolais, feabhsú cáilíochta, pleanáil cúraim, leas na n-úsáideoirí, éagsúlacht chultúrtha, foireann, agus córais aiseolais agus gearán.

Tá béim ar leith sna dréachtchaighdeáin ar urraim do dhínit, d’uathriail agus do chearta leanaí agus daoine óga. Áirítear leo freisin treoir maidir le toiliú do chóireáil, go háirithe do dhaoine óga idir 16 agus 17 mbliana d’aois a bhfuil an cumas cinnteoireachta acu, chomh maith le caighdeáin maidir le húsáid cógas agus cúram éigeandála i dtimpeallacht shábháilte atá faoi stiúir foirne oilte. Tá sé mar aidhm acu freisin a chinntiú go mbeidh páirt lárnach ag leanaí agus daoine óga i gcinntí a bhaineann lena gcúram féin.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Meabhair-Shláinte, John Farrelly, go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh guth na ndaoine a úsáideann na seirbhísí le cloisteáil sa phróiseas.

“Táimid ag impí ar thuismitheoirí, ar theaghlaigh agus ar dhaoine óga ar fud na tíre na dréachtchaighdeáin seo a léamh agus a gcuid tuairimí a roinnt. Beidh a dtaithí agus a ndearcthaí ríthábhachtach chun caighdeáin a mhúnlú a chosnaíonn dínit, uathriail agus cearta an duine, agus a chabhraíonn lena chinntiú go mbeidh cúram meabhairshláinte den chaighdeán is airde ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga ar fud na hÉireann,” a dúirt sé.

Beidh an comhairliúchán poiblí oscailte ar feadh sé seachtaine. Is féidir leis an bpobal na dréachtchaighdeáin a léamh agus páirt a ghlacadh sa suirbhé comhairliúcháin ach cuairt a thabhairt ar www.mhcirl.ie. Tá an Coimisiún ag iarraidh ar dhaoine aiseolas a thabhairt ar cé chomh soiléir agus atá na caighdeáin, ar aon bhearnaí a d’fhéadfadh a bheith iontu agus ar mholtaí chun iad a fheabhsú sula gcuirfear i bhfeidhm iad. Is féidir tuilleadh eolais a fháil freisin ach ríomhphost a sheoladh chuig standards@mhcirl.ie nó glaoch ar (01) 636 2400.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.