Súil Siar ar Chorn an Domhain 2026

Anois go bhfuil comórtas reatha Chorn an Domhain críochnaithe go ceann ceithre bliana eile – comórtas a mhaireann mí go leith anois agus 48 iomaitheoir ann seachas mí iomlán agus 32 iomaitheoir ann mar a bhí roimhe – tá neart conspóide ann, ní hamháin faoi chuid de na cluichí ach an pholaitíocht a bhain le reáchtáil an chomórtais um an dtaca seo.  Bíonn neart conspóide de shíor ag baint le FIFA i dtaobh caimiléireachta, margaí suaracha, uisce faoi thalamh is araile.

Tá formhór de phobal peile an Domhain den tuairim go bhfuil an pheil láncheannaithe ag na mórchomhlachtaí is urraitheoirí agus go ndéantar formhór na gcinntí sna heagraíochtaí náisiúnta is idirnáisiúnta ar mhaithe lena leasanna siúd – go bunúsach tá siad stiúrtha go hiomlán ag an airgead.

Pé scéal é, i dtaobh na peile de, ba í an Spáinn a bhuaigh an comórtas seo agus formhór na dtráchtairí den tuairim go raibh sé lántuillte acu.  D’imir siad an pheil is fearr agus is cumasaí mar fhoireann agus fuair siad an ceann is fearr ar an Airgintín le cúl amháin ó Ferrán Torres sa chluiche ceannais le scór 1-0 i gcluiche a bhí sách leamh.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.