Ceiliúradh ar chraoltóireacht Ghaeilge ag Gradaim CRAOL

Bhí an Ghaeilge go mór chun cinn ag Gradaim Aitheantais CRAOL 2026, a reáchtáladh in Óstán Shamrock Lodge, Baile Átha Luain, (Déardaoin an 16ú Iúil). Tugadh aitheantas do sheacht gclár raidió pobail sa chatagóir Ghaeilge, rud a léirigh an obair mhór atá ar bun ag stáisiúin ar fud na tíre chun an teanga a chur chun cinn agus guth a bpobal a neartú. Reáchtáladh na gradaim mar chuid d’Fhéile bhliantúil CRAOL, príomhócáid líonraithe earnáil raidió pobail na hÉireann.

Déanann Gradaim Aitheantais CRAOL ceiliúradh ar fheabhas, ar chruthaitheacht agus ar an tionchar sóisialta atá ag raidió pobail. Murab ionann agus gnáthchomórtais, déantar iontrálacha a mheas de réir chaighdeáin na craoltóireachta pobail seachas buaiteoir aonair a roghnú. Leagtar béim ar rannpháirtíocht an phobail, ar fhorbairt áitiúil agus ar luach na craoltóireachta pobail, agus déantar measúnú ar chláir a craoladh le linn na tréimhse dhá mhí dhéag roimh na gradaim.

Bronnadh ceithre ghradam óir sa chatagóir Ghaeilge. D’éirigh le Athlone Community Radio gradam óir a bhaint amach don tsraith Lions & Leprechauns 4, ar mhol na moltóirí é as rannpháirtíocht fhairsing an phobail agus líon mór scoileanna agus oibrithe deonacha a bheith páirteach inti. Bronnadh gradam óir freisin ar Ceol agus Comhrá ó Community Radio Kilkenny City, agus mhol na moltóirí an t-ardán a chuireann an clár ar fáil do ghuthanna áitiúla trí mheán na Gaeilge.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.