Cruit ag Lá na Cruite i gCiarraí
Grianghraf: Aoife Granville

Is í an chruit siombal náisiúnta na hÉireann, nó an cláirseach, agus is sinne an t-aon tír sa domhan a bhfuil gléas ceoil mar shiombail náisiúnta againn. Téann tábhacht na huirlise siar na céadta bliain in Éirinn agus deirtear go minic gurb ionann scéal na Cruite agus scéal na hÉireann. Nuair a bhí rudaí ag dul go maith dúinn sa tír seo bhí an chruit ag bláthú agus nuair a bhí a mhalairt i gceist, bhí dainséar ann don uirlis agus dos na cruitirí iad féin. 

Siar go ham an Fhéineachais, bhí stádas ar leith ag na cruitirí a léirigh an tábhacht a bhain leo. Tá tagairtí don gCruit sna scéalta a bhaineann le Dagda agus na Tuatha Dé Dannan chomh maith agus cumhachtaí speisialta ag na cruiteanna a bhí ag Dagda féin. Is ar an gcruit a sheinn Dagda na saghasanna éagsúla poirt: Geantraí (chun daoine a chur ag gáire/ag rince), Goltraí (chun daoine a chur ag gol/ag caoineadh) agus Suantraí (chun daoine a chur a chodladh). B’é sin an tagairt is luaithe atá againn do phíosaí éagsúla ceoil sa traidisiún.

Sna tithe móra ó 1200 go teacht na dTúdarach, bhíodh cruitire i ngach tigh agus iad mar chomhluadar ag an bhfile agus an reachtaire. Tréimhse thar a bheith cruthaitheach ab ea é seo agus an-tóir ar na cruitirí ar fud na tíre. Is léir gur aithin Anraí VIII tábhacht na cruite chomh maith, gan dabht, nuair a tháinig sé chughainn. Cé gur chuir Anraí comhartha na cruite ar airgead ón bhliain 1534, thuig sé leis gur comhartha náisiúnach agus réabhlóideach ab ea an chruit agus bhí srianta ar chruitirí ón am sin. Do bhí Eilís I níos déine fós ar ár gcruitirí cróga, leis an ráiteas ‘Hang the Harpers and burn their instruments’, rud a deineadh. Tugadh cuid dos na cruitirí is fearr, áfach, go dtí an Chúirt i Londain chun seinnt ansin don Bhanríon féin.

Dos na cruitirí a bhí ag seinnt san 17ú aois, bhí orthu a bheith ag taisteal timpeall na tíre chun gairm bheatha a dhéanamh. Sa bhliain 1670 a rugadh Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin, a luaitear fós mar chumadóir náisiúnta na tíre, fear a chaill radharc na súl sna déaga agus a thosnaigh ag seinnt agus is ag cumadóireacht ansin. Thaistil sé fud fad na tíre agus tá níos mó ná 200 píosa ceoil dá chuid beo sa traidisiún inniu, ina measc Plancstaí Irwin, Coinseartó Uí Chearbhalláin agus Sí Beag Sí Mór. 

San 18ú haois, bhí buairt ar dhaoine go rachadh an traidisiún i léig ar fad agus bhí gluaiseachtaí éagsúla a tharla, ceann acu ab ea Féile na gCruitirí i mBéal Feirste sa bhliain 1792. Is ann a tháinig 10 gcruitire le chéile do chomórtas agus do bhreac Edward Bunting síos an ceol a bhí acu. An t-aon duine nár sheinn píosa ó pheann Uí Chearbhalláin ná Denis Hempson, a bhí 97 bliain d’aois ag an am. Bean óg amháin a bhí i gceist ag an dtaispeántas, Rose Mooney a bhí sna déaga ag an am. Is léir gur gairm í a bhí ceangailte go mór le fir suas dtí an tréimhse seo.  Bhí an chuid is mó dos na cruitirí ag an ócáid dall chomh maith. 

D’athraigh an stíl seinnte ar an gcruit go mór thairis na céadta agus bhí an uirlis in úsáid mar thionlacan ar amhráin agus mar shaghas uirlis pharlúis den chuid is mó. Is mná den chuid is mó a bhí á seinnt fé’n dtráth seo agus thosnaigh na Clochair á múineadh in áiteanna áirithe. Is ón dtréimhse seo a tháinig leithéidí Mary O’Hara agus Kathleen Watkins a thaifead agus a thaistil go forleathan. Cé gur álainn an stíl a bhí acu leis na hamhráin le tionlacan binn, bhí sé difrúil ón ngnáthcheol uirlise traidisiúnta. 

Cé go raibh borradh mór ar an gceol uirlise go ginearálta i lár an 20ú haois le teacht chun cinn na mbannaí móra agus na seisiún ceoil, bhí an chruit fágtha ábhairín ar leataobh go dtí gur tháinig an Corcaíoch Máire Ní Chathasaigh chun cinn agus stíl iontach bríomhar aici. Tá an chreidiúnt ag dul chuici siúd as daoine eile a spreagadh chun ceol rince a sheinnt ar an uirlis náisiúnta. 

Bunaíodh an eagraíocht Cruit Éireann sa bhliain 2016 agus is iad a d’oibrigh go cruaidh chun go bhfaigheadh an chruit stádas idirnáisiúnta UNESCO, rud a tharla sa bhliain 2020. Is iad atá i gceannas ar Lá na Cruite (gach Deireadh Fomhar) agus mórán imeachtaí eile tríd an mbliain. Is gearr go mbeidh foirgneamh acu chomh maith, lár-ionad na Cruite, plean atá á fhorbairt fé láthair. 

Tá traidisiún ársa, saibhir ag an gcruit agus de bharr obair iontach na gcruitirí féin, i dteannta na n-eagras náisiúnta (Cruit Éireann & Cáirde na Cruite), tá traidisiún comhaimseartha bríomhar, beomhar againn. Is bródúil mar a bheadh cruitirí an 16ú haois déag, a déarfainn, as an dtraidisiún slán sabháilte agus saibhir atá againn inniu. 


Aoife Granville ina léachtóir le Béaloideas i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.