Mikhail Bakunin, cuid dá shaol agus teoiric

Mikhail Bakunin

Chuaigh Mikhail Bakunin ar shlí na fírinne an tráth seo bliana, Mí Iúil, sa bhliain 1876. Bhí Bakunin i measc mórlaochra na polaitíochta radacaí san naoú haois déag. Bhí lámh lárnach aige i mbunú theoiric an ainrialachais chomhchoitinn. Rugadh é in 1814. Ba de shliocht uaisle Rúiseach é. Ach dhiúltaigh sé dá chúlra go luath ina shaol agus do na buntáistí a bhain leis. Chuaigh sé i dtreo líonraí réabhlóideacha na hEorpa ina n-áit sin.

Thosaigh a aistear intleachtúil i measc na Hegelians-Cléacha. Ach ba ghearr gur chaith sé an fhealsúnacht theibí i dtraipisí. Bheartaigh sé dul i muinín an ghnímh dhírigh agus ghlac sé páirt sna réabhlóidí a bhí ag borradh san Eoraip le linn na 1840dí.

Bhí cáil amach air mar dhuine míleatach i ndiaidh réabhlóidí 1848-49 agus an pháirt a ghlac sé in éirí amach Phrág agus Dresden. D’íoc sé go daor as an mbaint a bhí aige leis na heachtraí sin. Gabhadh é, chaith sé tréimhsí ar deoraíocht agus na blianta i bpríosúin sa Rúis, roimh dó a bheith seolta chuig an tSibéir.

D’éirigh leis éalú ón tSibéir. Thaisteal sé tríd an tSeapáin agus na Stáit Aontaithe sular fhill sé ar an Eoraip. Dhaingnigh sé seo a stádas mar laoch i measc radacaithe na linne agus ba léir go raibh sé de mhisneach aige beart a dhéanamh de réir a chuid tuairimí polaitiúla.

Mhúnlaigh na blianta a chaith Bakunin sa tSibéir a straitéis fhadtéarmach. Thóg sé líonraí i measc na bPolannach, na Rúiseach agus na Sibéireach a bhí ar deoraíocht leis. Rinne sé staidéar ar choinníollacha na dtuathánach trí anailís a dhéanamh ar an méid a chonaic sé, agus chuir sé snas ar a theoiric gur gá don réabhlóid teacht ón mbun aníos seachas ó lucht comhcheilge éilíteach.

Ach ag croílár a theoirice áitíodh go raibh an stát leatromach, beag beann ar an dream a bhfuil smacht acu air. Chun fíorshaoirse a bhaint amach, d’áitigh Bakunin gurb éigean comúin fheidearálacha féinrialaithe agus cumainn oibrithe a bhunú. Níor mhór na hinstitiúidí  seo a bheith eagraithe ón mbun aníos, seachas ón mbarr anuas, dar leis.

Ba shnámh in aghaidh easa agus cur amú ama an tsaoirse pholaitiúil gan an chothromaíocht eacnamaíochta i dtuairim Bakunin. De bharr an chreidimh frith-údarásaigh seo bhíodh Bakunin in adharca le Karl Marx go minic. Chreid Marx gurb éigean stát idirthréimhseach a bhunú sula mbeadh saoirse iomlán ag an lucht oibre, ach cheap Bakunin gur leagan eile den smacht a bheadh sa mhéid sin. 

Tháinig an crú ar an tairne sa chath idé-eolaíochta áirithe seo sa Chéad Idirnáisiúntas. Sa deireadh, tugadh bata agus bóthar do Bhakunin in 1872, rud a mhúnlaigh an scoilt idir an sóisialachas Marxach agus an t-ainrialachas ar feadh na mblianta.

Tá na saothair God and the State agus Statism and Anarchy i measc na leabhar is tábhachtaí a d’fhoilsigh Bakunin. Is buntéacsanna iad go fóill dóibh siúd ar mhaith leo greim a fháil ar theoiric na n-ainrialaithe. Tá tionchar nach beag ag áitiú Bakunin ar son an ghnímh dhírigh, an díláraithe, agus an úinéireacht chomhchoitinn, ar ghluaiseachtaí go domhanda go fóill.

Bhásaigh Bakunin in Bern na hEilvéise in 1876. D’fhág sé oidhreacht shaibhir den radacachas frith-údarásach a bhfuil tionchar go fóill aige i streachailtí ar son na saoirse, an chomhionannais, agus an daonlathais ón mbun aníos.


Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.