Tá cás an ULM 5 ar siúl faoi láthair sa Ghearmáin.  Tá sé curtha i leith an ULM 5 go ndearna siad damáiste coiriúil ar mhonarcha Elbit in Ulm na Gearmáine.  Tá Éireannach i measc an ULM 5, sin é Daniel Tatlow-Devally, arb as Baile Átha Cliath dó.  Leis an gcás ag dul ar aghaidh sa Ghearmáin tá sé curtha i leith Údaráis na Gearmáine go bhfuil siad ag sárú cearta daonna na gcúisithe.  Tá an t-ionchúisitheoir ag iarraidh cúiseamh as bheith páirteach in eagraíocht choiriúil, mar atá Palestine Action.

Deir na cúisithe go bhfuil sin iomarcach agus gur chóir go mbeadh na cúisimh bainteach le damáiste coiriúil amháin.  Tá an chuma air go bhfuil an stát ag iarraidh sampla a dhéanamh díobh chun stop a chur le hiarrachtaí an cinedhíothú sa Phalaistín a stopadh.  Tá siad ag cur ina leith go bhfuil siad ina dtacadóirí de chuid Hamas.  Tá siad i gcealla ina n-aonar ar feadh 22 uair sa lá, agus deir na Náisiúin Aontaithe gur gaibhniú aonair atá ann.

De bharr na drochíde atá siad a fháil agus saoránach Éireannach ina measc tá 6 pholaiteoir ag dul anonn chun na Gearmáine chun breathnú ar an gcás cúirte agus labhairt le daoine faoi.  Beidh Richard Boyd Barrett TD, Mairéad Farrell TD, Ruth Coppinger TD, Barry Ward TD, Duncan Smith TD agus an Seanadóir Patricia Stephenson ann.  Is maith go bhfuil an brú polaitiúil seo ag teacht.  Tá súil agam go mbeidh an córas dlí níos cothroime do na cúisithe sa chás seo dá bharr.

Feicim go leor cásanna mar seo sa Ghearmáin agus i Sasana ina gcuirtear bac ar dhaoine atá ag iarraidh an cinedhíothú a stopadh, ach ní raibh aon chás ann ón 8 Deireadh Fómhair 2024 i gcoinne duine ar bith a bhí i mbun an chinedhíothaithe in Gaza.  Nár fhoghlaim na Gearmánaigh óna stair féin!

Gach rath ar an ULM 5 agus maith sibh as bhur n-iarrachtaí chun an cinedhíothú a stopadh. 

Caoimhín Ó Cadhla

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.