Fuair an Rialtas tuarascáil dul chun cinn Dé Céadaoin ar obair Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, agus tugadh le fios go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta le linn na chéad mhí den téarma sé mhí. Tá clár oibre na hUachtaránachta dírithe ar thrí phríomhthosaíocht – iomaíochas, luachanna agus slándáil – agus…
Tá imní léirithe maidir leis an ráta diúltaithe do víosaí do mhic léinn ag teacht ó Gaza a bhfuil scoláireachtaí acu chun tús a chur le cúrsaí ag ollscoileanna in Éirinn. De réir tuairisc ó RTÉ ar na mallaibh tuigtear gur dhiúltaigh údaráis inimirce do bhreis agus 20 víosa, agus go bhfuil cuid eile ag…
Bhí an cheist faoi Éirinn Aontaithe agus na céimeanna a bheadh riachtanach chun reifreann a ullmhú i gcroílár díospóireacht speisialta a craoladh mar chuid de Chraolatón Raidió Fáilte le linn Fhéile an Phobail. Seachas díriú ar an díospóireacht pholaitiúil atá cloiste ag an bpobal le blianta fada, ba iad na ceisteanna praiticiúla a bhaineann le…
Tá damáiste do-aisiompaithe á dhéanamh d’oidhreacht liteartha an domhain de réir mar a leanann mórchuideachtaí teicneolaíochta ar aghaidh ag ceannach agus ag scriosadh seanleabhair stairiúla luachmhara ar mhaithe le sonraí oiliúna a bhaint amach dá gcuid samhlacha. Tá seomraí iata i lár chathracha Mheiriceá lán anois de sheilfeanna cruach agus d’innill hiodrálacha atá ag gearradh…
Bhí cúis cheiliúrtha ag lucht na Gaeilge le déanaí nuair a cuireadh comharthaí Gaeilge leis an turas mór le rá It’s a Small World i bPáirc Disneyland Paris, tar éis feachtas leanúnach a rinne fear as Baile Átha Cliath. Is é Stuart McHugh, a ritheann an leathanach Disneyland Paris Tips for Irish, a bhí ag…

Tá cosc náisiúnta ar úsáid píobán uisce i bhfeidhm ar fud na tíre ó mheán oíche aréir (Dé hAoine, 24 Iúil), agus beidh na srianta i bhfeidhm go dtí an 26 Lúnasa mar iarracht soláthairtí uisce óil a chosaint tar éis tréimhse fhada teasa agus triomaigh. Tá an tOrdú Caomhnaithe Uisce i bhfeidhm anois i…
D’eisigh an rialtas a ráiteas eacnamaíoch samhraidh an tseachtain seo, ina leagtar amach paraiméadair bheartaithe cháinaisnéis Dheireadh Fómhair. Is é an ráiteas an chéad léiriú ar an méid airgid atá le caitheamh ar na gealltanais a chomhlíonadh. Tá tuairimíocht ann go mbeidh figiúirí idir €9 billiún agus €10 billiún i gceist, agus b’fhéidir €1.5 billiún…

D’fhógair Andy Burnham, Príomh-Aire úr na Breataine, a chomh-aireacht agus é ceaptha. Tháinig sé aniar aduaidh ar roinnt daoine sna Sé Chontae agus Hilary Benn bainte óna ról mar Rúnaí Stáit ar na Sé Chontae. Dúirt Benn, a ceapadh mar Rúnaí Stáit in 2024, gur pribhléid mhór a bhí ann an ról a dhéanamh agus…
Tá Gardaí tar éis scútair leictreacha, rothair leictreacha agus gluaisrothar easbhóthair a urghabháil mar chuid d’fheachtas forfheidhmithe i mBaile Bhlainséir agus i bhFionnghlas i mBaile Átha Cliath Dé Máirt. Tháinig an oibríocht agus an Rialtas ag fógairt sraith beart nua chun rialáil níos déine a dhéanamh ar úsáid scútar leictreach ar fud na tíre. Fuair…
Tá glao déanta ag an eagraíocht EnergyCloud ar an Rialtas leas a bhaint as fuinneamh in-athnuaite atá á chur amú faoi láthair chun cabhrú le teaghlaigh atá ag maireachtáil i mbochtaineacht fuinnimh, mar chuid dá haighneacht réamhbhuiséid do Bhuiséad 2027. De réir na heagraíochta, meastar go gcuirfear níos mó ná €600 milliún d’fhuinneamh gaoithe in-athnuaite…