Ní minic a thagann €14.25 billiún isteach sa státchiste mar thoradh ar chinneadh amháin. Ach is é sin go díreach atá tar éis tarlú. Tá deireadh tagtha leis an gcás fada idir Apple, an Coimisiún Eorpach agus stát 26 contae na hÉireann, agus tá ceann de na suimeanna is mó riamh i stair airgeadais na tíre faoi smacht an stáit anois. Ní hé bunús an airgid an cheist is tábhachtaí feasta, ach an chaoi a n-úsáidfear é.
Bunús an cháis dhlíthiúil
Ní gnáthfháltas cánach ná seic deonach ó Apple atá i gceist. Is íocaíocht é a eascraíonn ó chás státchabhrach de chuid an Aontais Eorpaigh. Ba é tuairim an Choimisiúin Eorpaigh gur sannadh brabúis mhóra Eorpacha do chodanna de struchtúr corparáideach Apple nach raibh gníomhaíocht, fostaithe ná láithreacht oibríochtúil acu a bheadh ag teacht le scála na mbrabús sin.
In 2016 d’ordaigh an Coimisiún do stát na hÉireann suas le €13 billiún i gcáin a aisghabháil ó Apple, móide ús. Chuir Apple agus Rialtas na hÉireann in aghaidh an ordaithe, agus d’áitigh siad go raibh na socruithe ag teacht le dlí cánach na hÉireann. Ach i Meán Fómhair 2024 dhaingnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh seasamh an Choimisiúin. Ba é sin an focal deiridh sa chás, agus cuireadh deireadh leis an gcuntas eascró inar coinníodh an t-airgead fad a bhí na hachomhairc á n-éisteacht.