Tá cláir Ghaeilge agus craoltóirí Gaeilge le feiceáil go láidir ar ghearrliosta Ghradaim Raidió IMRO 2026, a fógraíodh tar éis bliain eile den scoth don raidió ar fud oileán na hÉireann.
Tá Cóisir Cheoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ainmnithe sa rannóg don Chlár Ginearálta Ceoil. Tá Dónall Mac Ruairí ó Cóisir Cheoil ar an ngearrliosta do Chraoltóir Speisialta Ceoil na Bliana, in éineacht le Dara Quilty, Dec Pierce, JJ O’Shea, agus Kieran McGuinness. Tá dráma RTÉ Raidió na Gaeltachta Jó Johnny Joe ainmnithe sa rannóg Drámaíochta chomh maith.
Tá aitheantas eile faighte ag RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus Michelle Nic Grianna ainmnithe ar an ngearrliosta do Chraoltóir Cainte na Bliana – Seirbhís Iomlán. Beidh sí san iomaíocht le Anton Savage, Brendan O’Connor, Katie Hannon agus Kieran Cuddihy.