
Ghlac líon mór daoine páirt i siúlóid cois locha i mBaile Locha Riach Dé Domhnaigh an 23 Lúnasa chun dlúthpháirtíocht a léiriú le muintir na Palaistíne agus leis na daoine atá ag fulaingt de dheasca na géarchéime in Gaza.
Ba é an grúpa Baile Locha Riach ar son na Palaistíne a d’eagraigh an ócáid. Shiúil na rannpháirtithe 6.8 ciliméadar ar chosán feadh bhruach an locha, fad atá cothrom, dar leis na heagraithe, leis an bpointe is cúinge de Stráice Gaza.
Cuireadh i gcuimhne dóibh freisin gurbh é sin an fad a d’fhéadfadh a bheith ar dhaoine in Gaza a shiúl chun teacht ar uisce. Dúirt na heagraithe go ndeachaigh an teachtaireacht sin go mór i bhfeidhm ar na rannpháirtithe agus iad ag siúl taobh leis an loch.
Bailíodh airgead ar son Gaza go Brách agus iarradh ar dhaoine leanúint den bhaghcat ar earraí agus ar sheirbhísí Iosraelacha. Moladh dóibh freisin páirt a ghlacadh in agóidí i gcoinne úsáid mhíleata Aerfort na Sionainne agus brú a chur ar pholaiteoirí gníomhú ar son na Palaistíne.
Tá imeachtaí eile á mbeartú ag an ngrúpa sna míonna amach romhainn, Tráth na gCeist, An Phalaistín sa Phictiúrlann agus Gig ar son Gaza ina measc.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach ríomhphost a sheoladh chuig loughreaforpalestine@gmail.com.