Reachtáilfidh trí stáit in Oirthear na Gearmáine toghcháin stáit an mhí seo chugainn, iad sin Sachsen-Anhalt, Mecklenburg-Vorpommern, agus Beirlín.
Sa gcéad dá cheann, tá an AfD, páirtí a ndeirtear gur páirtí na deise i bhfad amach atá ann, chun cinn go mór ar an gcuid eile, ach i mBeirlín tá sé ar comhchéim leis an CDU agus leis an bPáirtí Chlé, a fáisceadh as an sean-pháirtí cumannach, i suirbhéanna.
Míníonn an saineolaí eacnamaíochta Wolfgang Munchau gurb é an príomh-mhealladh atá ag an AfD do vótálaithe in Oirthear na Gearmáine ná an rud ar a dtugann sé ‘cumha ar an nGearmáin Thoir’. Dar leis, is páirtí é an AfD nach bhfuil tugtha do gheilleagar an mhargaidh, nó do rialacha an mhargaidh.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!