Tá sé go hiontach a fheiceáil go mbeidh an stát ag maoiniú Skyclarys d’othair a bhfuil Ataicse Friedrich orthu. Tá súil agam go dtugann an FSS an druga sin láithreach do na hothair chun a bhfulaingt a laghdú. Ach bíonn ort ceist a chur conas a dhéantar cinntí sa státchóras.
Dúirt an FSS gur cur amú airgid a bhí ann Skyclarys a cheannach do na hothair sin. An féidir praghas a chur ar bheatha duine ná a bhfulaingt? Tá an cinneadh seo ag teacht ón roinn chéanna atá ag sárú buiséad €1.6 billiún chun Ospidéal na Leanaí a thógáil. Níor cur siad stop le conradh BAM nuair a chuaigh siad thar bhuiséad, ach bhí siad breá sásta stop a chur le leigheas de bharr go bhfuil sé ag dul thar bhuiséad. Níl ciall leis!
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!