
Chuir an tragóid ar an M9, nuair a gortaíodh triúr ban agus páiste agus a maraíodh cúigear déagóirí, alltacht agus uafás i mórán. Spreag sé fearg freisin, agus an-chuid caint fholamh faoi phionós níos crua a ghearradh ar dhaoine a thiomáin in aghaidh an tráchta ar mótarbhealaí.
Tá sé deacair a shamhlú cén pionós a bheadh níos daoire ná an bás, ach níor chuir sin aon srian ar chaint ghránna sna meáin shóisialta.
Tá sé ceart go mbeimis ar buile faoinar tharla, faoin easpa cúraim ag dronganna frithshóisialta i leith an phobail i gcoitinne agus faoi chás na ndaoine sa charr a bualadh agus iad gortaithe go dona.
Ach cén leigheas ar an scéal é labhairt faoi phionóis nuair atá na coirpigh marbh?
Tá daoine feargach faoi iompar na ndéagóirí, ach an gá dearmad a dhéanamh de gur buachaillí óga a bhí iontu agus go bhfuil teaghlaigh fágtha ina ndiaidh ag caoineadh a gcailliúna.