
Ceiliúradh borradh suntasach na Gaeilge i Learpholl ag searmanas bronnta na bhFáinní Gaeilge a reáchtáladh i gClub Éireannach Learphoill le déanaí. Bronnadh Fáinní Óir agus Airgid, chomh maith le suaitheantais Cúpla Focal, ar fhoghlaimeoirí a léirigh dul chun cinn agus tiomantas don teanga.
Bhí cuimhne Tony Birtill go láidir i gcroílár na hócáide. Ar feadh breis agus deich mbliana, d’oibrigh sé mar mhúinteoir Gaeilge le Conradh na Gaeilge i Learpholl agus ghlac sé páirt i réimse leathan tionscnamh chun an teanga a chur chun cinn sa chathair. Fuair sé bás cúpla bliain ó shin, ach lean a chuid daltaí lena shaothar agus ghlac siad freagracht as na ranganna agus as cur chun cinn na Gaeilge ina dhiaidh.
Tá toradh soiléir ar an obair sin. Le trí nó ceithre bliana anuas, tá líon na ndaoine a fhreastalaíonn ar ranganna Gaeilge i Learpholl méadaithe ó chúigear nó ochtar go dtí idir 30 agus 50 duine. Ba é an t-iar-chathaoirleach Thomas Ryan a cheap an smaoineamh scrúdú beag bliantúil a eagrú do na fáinní agus iad a bhronnadh ag searmanas speisialta i rith an tsamhraidh.
Bhí an rapálaí óg as Learpholl Conchubhar ‘Donno’ Ó Donnghaile ar dhuine den bheirt a ghnóthaigh Fáinne Óir i mbliana. Is é an chéad Scouser é a fuair an Fáinne Óir i Learpholl le cúpla scór bliain.
“Tá mé iontach bródúil as an Fáinne Óir a fháil; is éacht mór domhsa é,” a dúirt sé le An Páipéar. “Is céim eile í i dtreo Gaeltacht a thógáil i Learpholl — sin m’aisling.”
Tá Conchubhar, atá 25 bliain d’aois anois, ag foghlaim na Gaeilge le tuairim is cúig bliana. Mhínigh sé gur tháinig a shinsir go Learpholl as Éirinn le linn an Ghorta Mhóir agus gur theastaigh uaidh ceangal a dhéanamh le teanga a mhuintire. Tá an Ghaeilge á tabhairt isteach aige ina chuid ceoil freisin, trí amhráin dhátheangacha agus níos mó liricí Gaeilge a scríobh.
“Tá i bhfad níos mó le foghlaim agam agus tá mé ag súil go mór le fíorlíofacht a bhaint amach agus an teanga a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile,” ar sé. Ghabh sé buíochas le múinteoirí Chonradh na Gaeilge Learpholl as ranganna saor in aisce a chur ar fáil agus as a gcuid ama a chaitheamh ag múineadh. Tá sé le fáil ar Instagram, TikTok agus X faoin ainm “donnomusic”, agus ar Cogar mar “donnoceol”.
Fuair Stíobhard Mac Conmhaoil Fáinne Óir freisin. Bronnadh Fáinne Airgid ar Brian Gibbs, Cíara De Barra, Laoise Uí Roibeaird, Caoimhín Ó Dáibhigh, Tiomóid Kingham, Gréagóir Quiery, Jerome Ó Donnabháin, Seosamh Ó Caidhn, Olivia Cruz Espinoza, Caren Martin, Peadar Mc An Rí, Saorlaith Ní Seac, Lorcán Wardle, Peadar Ó Gormghaile, Michéal Ó Caoimh, Mairéad Siddell agus Cáit Lawlor.
Fuair Tomás Mac Uidhir, Caitlín Lavers, Máire Ní Dhúnlaing, Réaltín Saul, Sky Uí Raghallaigh, Bill McGarry, Olivia Cruz Espinoza agus Seosamh Ó Caidhn suaitheantas Cúpla Focal. Cuirfear tús, den chéad uair i mbliana, le ceachtanna do thosaitheoirí i lár chathair Learphoill — comhartha eile go bhfuil pobal Gaeilge na cathrach ag dul ó neart go neart.