Tionscnaíocht le haghaidh tránna ionchuimsitheacha ag dul ó neart go neart

Chuir Fondúireacht Mae Murray tús leis an tionscnaíocht Tránna Ionchuimsitheacha in 2017 sna sé chontae, agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin. Tá sé thrá sna sé chontae atá mar chuid den tionscnaíocht anois.

Mar chuid den tionscnaíocht is féidir le duine ar bith atá faoi mhíchumas, a bhfuil fadhbanna sláinte orthu, riachtanais foghlama nó chéadfacha acu, nó daoine a bhfuil tacaíocht sa bhreis de dhíth orthu, sult a bhaint as lá ar an trá. 

Dúirt Kyleigh Lough, príomhfheidhmeannach na fondúireachta, le An Páipéar, ‘Tháinig an tionscnaíocht ó smaoineamh an-simplí ach cumhachtach – nár chóir do dhuine ar bith a bheith fágtha i leataobh ag amharc ar a dteaghlach ag baint sult as an trá.’

‘Dúirt daoine a bhfuil taithí saoil acu air seo nár bhain na bacainní lena míchumas amháin, ach leis an timpeallacht thart orthu. Mura bhfuil rochtain fhóirsteanach ann, áit ar bith le hathrú, easpa trealamh fóirsteanachh nó bealach sábháilte chun an t-uisce a bhaint amach, níl trá inrochtana i ndáiríre.’ 

‘Bhí muid ag iarraidh é sin a athrú. Bhí muid ag iarraidh áiteanna a chruthú ina dtagann teaghlaigh ann le chéile, páirt a ghlacadh le chéile agus cuimhní a dhéanamh le chéile, áit ar féidir le páistí faoi mhíchumas surfáil lena ndeartháireacha agus deirfiúracha, áit ar féidir le tuismitheoirí a scíth a ligean in áit imní a bheith orthu faoin dóigh a ndéanfaidh siad bainistíocht ar an lá, áit ar féidir le daoine eispéireas a bheith acu ar an tsaoirse, áthas agus folláine a bhaineann le bheith cois farraige.’

Dúirt Fondúireacht Mae Murray gur mhaith leo an clár a mhéadú, ach tá sé tábhachtach a aithint nach féidir le gach trá a bheith ina trá ionchuimsitheach. Baineann fíor-rochtain le níos mó ná rochtain a thabhairt ar an ghaineamh go díreach. Tá an bonneagar níos leithne chomh tábhachtach céanna, lena n-áirítear páirceáil fhóirsteanach, leithris agus seomraí feistis inrochtana, agus socruithe agus páirtnéireachtaí praiticiúla chun an t-eispéireas a dhéanamh sábháilte, maorga agus sultmhar.

Maidir lena bhfás sa todhchaí dúirt siad go bhfuil a gcúram sna sé chontae, ach tá a fhios acu go bhfuil deis ann  bhfoghlaim a roinnt go forleathan. Má tá eagraíochtaí lasmuigh de na sé chontae atá ag iarraidh a múnla a dhéanamh in áiteanna eile, tá treoir curtha ar bun acu chun an t-eolas sin a roinnt. Léiríonn an treoir foghlaim a mball agus a gcomhpháirtithe agus tá sé ar fáil d’eagraíochtaí ar fud na Ríochta Aontaithe, ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.