Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie

Dé hAoine an 28 Lúnasa

Tob-Ghaeltacht Lios Tuathail
9 pm
Tigh John B Keane

Dé Sathairn an 29 Lúnasa

Rí Rá agus Rith
10 am
Clapham Common, Londain
Caife agus comhrá ina dhiaidh

Lá oscaile agus aonach leabhar
11 am go 1 pm
An Diseart, an Daingean, Co. Chiarraí
Eolas faoi imeachtaí Thuismitheoirí na Gaeltachta, Ceol, amhránaíocht agus sólaistí. Réimhse leabhar do theaghlaigh, tóraíocht taisce sa ghairdín.
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Comórtas Sacair na Gaeltachta
Ó mhean lae ar aghaidh, cluichí eagsúla
Spórtlann Naomh Anna Leitir Mór

An tÉalú
Amharclann Halla an Bhaile, Gaillimh
Ticeid https://www.tht.ie

Oíche champála theaghlaigh
Tearmann Dúlra, Droim nDamh, An Carn, Machaire Ratha
Teagmháil: sorcha@fisanphobail.com
Le tacaíocht ón Chiste Spreagtha
Arna eagrú ag Fís an Phobail agus An Carn

Tráth na gCeist
7 pm
Tigh Terry
An Chéibh, Ros an Mhíl
€40 an bord
Duaiseanna ar an oíche
Arna eagrú ag CLG Micheál Breathnach

Dé Domhnaigh an 30 Lúnasa

Féile Bheochana Íomhá ar Iómha
Maidin chlainne
10 am go 1 pm
Taispeaint scannáin trí Ghaeilge
Halla pobail Thír an Fhia
Imeacht saor in aisce

Dé Máirt an 1 Meán Fomhair

Club Leabhar
7.30 pm
Óstán na Páirce, Luimneach, V94 Y0AN
Teagmháil Bernie 086-8930043
Arna eagrú ag Comhluadar Luimnigh

Dé Céadaoin an 2 Meán Fomhair

Léigh, Pléigh agus Tae
3.30 go 4.30 pm, gach Céadaoin
Pobal Eascarrach, F92 XH70

Péint & Nósecco
Oiche ealaíne agus spraoi as Gaeilge le Steph Collins @she.wanders.west
7 go 9 pm
Caifé Flower Power, Sráid Deiní, Trá Lí
€20 an duine
Spásanna teoranta
Cláraigh cnag.trali@gmail.com
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge, Trá Lí

Dé hAoine an 4 Meán Fomhair

Ceiliúradh na gComharsan Gaelach
4 – 5.30 pm
Acadamh Ríoga na hÉireann, 19 Sráid Dawson, Baile Átha Cliath 2
Faigh amach faoi na ceangail shaibhre chultúrtha idir Éire, Albain agus Oileán Mhanann trí cheol, teanga agus béaloideas.
Eolas https://www.ria.ie/events/ceiliuradh-na-gcomharsan/
Ticéid saor in aisce https://www.eventbrite.ie/e/ceiliuradh-na-gcomharsan-tickets-1994938902961

Tuilleadh eolais…

Tá ócáid ar leith á heagrú don 4 Meán Fómhair 2026 ag Acadamh Ríoga na hÉireann chun an chomhthuiscint i measc phobail na dteangacha Ceilteacha a chur chun cinn agus chun ceiliúradh dhéanamh ar an Manainnis i mbliain seo na Gaeilge, ‘Blein ny Gaelgey’. Dlúthchuid de chúram an Acadaimh é an taighde ar na cultúir agus na teangacha ceilteacha.
Cuirfidh Alison McGillivray, dordveidhleadóir agus taighdeoir cáiliúil Albanach, a cuid taighde i láthair ar ról na dordveidhile i gceol traidisiúnta na Gàidhlig san ochtú agus sa naoú haois déag. Ag tarraingt ar fhoinsí foilsithe agus neamhscrúdaithe roimhe seo, seinnfidh sí rogha de cheol stairiúil Ghaeltacht na hAlban ó bhailiúcháin Simon Fraser agus Elizabeth Ross.
Déanfaidh an tOllamh John Walsh (Ollscoil na Gaillimhe) cur i láthair ar bhailiúchán Choimisiún Béaloideasa Éireann (mar a bhí) de bhéaloideas Oileán Mhanann sna 1940í, arna thionscnamh ag Éamon de Valera. Bhí ról ríthábhachtach ag an tionscadal sin i gcaomhnú oidhreacht chultúrtha an Oileáin agus in athbheochan na teanga.
Beidh ceol Manannach á chasadh ag an gcór Gaeilge Caarjyn Cooidjagh (‘cairde le chéile’), a bunaíodh sa bhliain 1990, agus a mbíonn cúig dhuine dhéag rannpháirteach ann de ghnáth. Canfaidh siad leaganacha d’amhráin Mhanainnise idir thraidisiúnta agus nuachumtha. Tá ceithre dhlúthdhiosca eisithe acu agus iad tar éis a bheith rannpháirteach i dtionscadail shuntasacha de cheol Gaeilge Oileán Mhanann. Is minic iad ar an ardán sa Bhriotáin, in Albain agus sa Spáinn. Tá comórtais thábhachtacha buaite acu i gcomórtais chóir Pan-Cheilteacha.

Dé Sathairn an 5 Meán Fomhair

Lá oscailte
Cultúrlann Uí Chanáin
Meán lae go 2 pm
37 Sráid Mhór Shéamais, Doire

Ceolchoirm Mhór an Gharraí Ghlais 2026
Jack Talty, Noel Hill, Mick Mulcahy, Michelle Mulcahy, Meabh Ní Bheaglaoich, Liam O’Brien, Deirdre Hurley, Joyce Redmond, Emma Sullivan, Pádraig Ó Dubhghaill, Lèna Descottes, Étáin Ní Churráoin, Máire Ní Churraoin, Steve Simmons, Bardan Johnson, Isabella Spillane agus Sean Spillane.
Ó 2 go 7 pm
Na Creagáin, Indreabhán, H91 D26R
Ticéad €33 ar Eventbrite nó €40 ar an ngeata

Bualadh Bos
Céadfaí an linbh a spreagadh
Do thuismitheoirí agus páistí 0 go 2 bhliain d’aois
Amhráin, mothú, fuaim, radharc agus ceol
11 am
Halla pobail Chill Chiaráin
Cláraigh roimh ré le deirdre@tuismitheoiri.ie
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.