
Tá babhta an tsamhraidh 2026 de Scéim na bPrintíseach fógartha ag Údarás na Gaeltachta agus táthar ag glacadh le hiarratais anois. Tá os cionn 40 scoláireacht, ar fiú níos mó ná €2,000 an ceann iad, ar fáil chun cabhrú le daoine cáilíocht ghairmiúil a bhaint amach.
Tacaíonn an scéim le hiarrthóirí Gaeltachta a bhfuil Gaeilge líofa acu agus ar mian leo cáilíocht a bhaint amach i gceann de na ceirdeanna atá aitheanta ag SOLAS. Tá idir phrintíseachtaí ceirde agus phrintíseachtaí nua-aoiseacha ar fáil.
Tá an babhta seo dírithe ar dhaoine a bhfuil an scoil fágtha acu cheana féin. D’fhéadfadh an scéim a bheith oiriúnach do dhaoine atá ag iarraidh ceird a fhoghlaim, slí bheatha nua a thosú nó athrú gairme a dhéanamh.
Dúirt Aisling Nic Aoidh, Oifigeach Oiliúna agus Oideachais le hÚdarás na Gaeltachta, go bhfuil ganntanas ceardaithe ann faoi láthair agus éileamh mór ar na scileanna lena mbaineann.
“Táimid ag cur tacaíocht ar fáil trí Scéim na bPrintíseach chun an próiseas a éascú do dhaoine sa Ghaeltacht chun cáilíocht a bhaint amach i gceirdeanna éagsúla,” a dúirt sí. Dúirt Nic Aoidh go gcabhródh an scéim le daoine gairm bheatha a bhaint amach agus go gcuirfeadh sí le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge sa Ghaeltacht.
Bhain an siúinéir Óigí Ó Sé a cháilíocht amach le cabhair ón scéim. Oibríonn sé anois do ghnólacht áitiúil trí lá sa tseachtain agus dó féin ar feadh an dá lá eile.
“Mholfainn Scéim na bPrintíseach go mór. Chuir sé ar mo chumas scileanna praiticiúla a chur le m’oideachas ollscoile, agus seasfaidh sé sin dom ar feadh mo shaoil,” a dúirt sé.
Is é an 18 Meán Fómhair 2026 an spriocdháta d’iarratais. Tá tuilleadh eolais agus an fhoirm léirithe spéise ar fáil ar shuíomh gréasáin Údarás na Gaeltachta.
https://udaras.ie/oiliuint-fostaiocht/oiliuint/deiseanna-sceim-na-bprintiseach/