Tá comhlacht bunaithe in Texas darb ainm Greenland Energy tar éis leamhsháinn idirnáisiúnta a chruthú trí fhearas taiscéalaíochta ola a dhíluchtú ar chósta iargúlta thoir na Graonlainne gan cead ná údarás ó rialtas na Graonlainne. Tá foláireamh oifigiúil tugtha ag Aireacht Tionsclaíochta agus Acmhainní Mianadóireachta rialtas na Graonlainne don chomhlacht Greenland Energy le tacaíocht ó Ríocht na Danmhairge, faoina bhfuil féinriail ag an nGraonlainn. Tá cosc ag rialtas na Graonlainne ar thaiscéalaíocht ola agus ar bhaint acmhainní hidreacharbónacha ina gcríocha agus tá gearán mór déanta acu faoin sárú seo ar a bhflaitheas.
Is tír thar a bheith iargúlta í an Ghraonlainn, agus tá oirthear na Graonlainne níos iarghúlta fós, ina bhfuil timpeallacht agus aeráid nach bhfóireann do mhaireachtáil dhaonna. Ní mhaireann ach 3,000 duine sa chuid seo den tír, as daonra iomlán 56,000 sa Ghraonlainn ar fad. Bíonn an ghaoth agus an fuacht i bhfad níos fíochmhaire sa chuid seo den tír, le spéirling ó oighearbhrat ard reoite i lár an oileáin nach stadann ach corruair. Tá réimsí farsinge acmhainní nádúrtha sa cheantar seo, lena n-áirítear acmhainní hidreacharbónacha mar ola agus gás nádúrtha, chomh maith le miotail éagsúla mar luaidhe, sinc, copar, stán, tungstan, antamón, rianta suntasacha óir agus iarainn, agus acmhainní móra iascaireachta.
Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, anuraidh go n-ionghabhálfadh sé an Ghraonlainn isteach sna Stáit Aontaithe, in ainneoin gur críoch aitheanta de chuid na Danmhairge í, comhghuaillí ECAT leis na Stáit Aontaithe. Dúirt sé go raibh an Ghraonlainn “ag teastáil go géar uainn ar mhaithe lenár slándáil náisiúnta” chomh maith leis “na hacmhainní nádúrtha ann a bheadh go mór chun tairbhe do gheilleagar na Stát Aontaithe.”
Léiriú lom sainte agus cíocrais ba ea seo ag Trump. Níor thagair sé riamh do mhian an phobail sa chríoch, ar mhian le cuid mhaith acu neamhspleáchas iomlán a bhaint amach ón Danmhairg agus gan bheith slogtha isteach sna Stáit Aontaithe. Tá amhras mór ann go mbaineann gníomhaíochtaí neamhúdaraithe agus neamhdhleathacha an chomhlachta Greenland Energy le hiarrachtaí na Meiriceánach féin leis an gcéad chéim chun an chríoch seo a ghabháil, ag déanamh aithris ar na modhanna a ghabh na Stáit Aontaithe críocha móra i Meiriceá Thuaidh ó na daoine bundúchasacha ní chomh fada sin ó shin.
Tá sé séanta ag an gcomhlacht Greenland Energy go bhfuil aon bhaint acu le rialtas Trump agus a iarrachtaí agus a uaillmhian an Ghraonlainn a ionghabháil agus smacht iomlán a fháil ar a hacmhainní saibhre. Ní raibh ar intinn acu ach réamhchéim i dtaobh a ngníomhaíochtaí taiscéalaíochta nuair a dhíluchtaigh siad a bhfearas i gceantar darb ainm Nunap Qeqqa, ar a dtugtar Críoch Jameson freisin, an mhí seo caite.
In ainneoin a bhfuil séanta ag an gcomhlacht maidir lena rún, tá nasc láidir agus caidreamh pearsanta ag cathaoirleach an chomhlachta, Larry Swets, leis an Uachtarán Trump. Cé go bhfuair an comhlacht ceadúnais taiscéalaíochta in 2015 agus 2018, d’fhógair rialtas na Graonlainne moratóir ar thaiscéalaíocht ola in 2021.
I sráidbhaile darb ainm Ittoqqortoormiit, ina bhfuil 325 cónaitheoir, tháinig breis agus céad duine amach chun leirsiú i gcoinne thogra Greenland Energy mar chuirfeadh druileáil isteach mór ar a slí bheatha iascaireachta agus ar an bhfiadhúlra. Tá gach cosúlacht ar an scéal nach dtacaíonn muintir na háite, pobal na Graonlainne ná rialtas na Danmhairge leis an taiscéalaíocht seo, agus tá amhras mór orthu uile faoina bhfuil ar intinn go fíor ag an gcomhlacht a dhéanamh thar ceann na Stát Aontaithe.