Tá dhá phost nua do chéimithe á gcruthú ag Bárd na nGleann ina cheannáras i mBéal Átha an Ghaorthaidh i nGaeltacht Iarthar Chorcaí, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta tríd an gclár GradStart.
Bunaíodh Bárd na nGleann, a bhíonn ag trádáil faoin ainm Bárd, sa Ghaeltacht in 1999. Is comhlacht comhairleoireachta idirnáisiúnta é a dhéanann sainfheidhmiú ar bhainistíocht eolais agus cáipéisíochta, agus é mar aidhm aige eolas casta teicniúil a dhéanamh níos soiléire, níos úsáidí agus níos éasca le cur i bhfeidhm.
Oibríonn foireann an chomhlachta le cliaint idirnáisiúnta i réimsí éagsúla, lena n-áirítear scríbhneoireacht theicniúil, taithí úsáideora, claochlú digiteach agus forbairt straitéisí ábhair do ré na hintleachta saorga.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!