Tá imní mhór á léiriú in Éirinn faoi iarracht an Ghinearáil Alexus Grynkewich, Ard-Cheannasaí Comhghuaillithe na hEorpa (SACEUR) agus ardcheannasaí míleata ECAT, cur isteach ar an díospóireacht abhus faoi neodracht.
Rinne iar-oifigeach d’Arm na hÉireann, an feachtaisí síochána Ed Horgan gearán go raibh Grynkewich ag iarraidh tionchar a imirt ar an díospóireacht faoi neodracht na hÉireann agus ar thogra an rialtais an Glas Triarach a chur ar ceal, trí rannpháirtíocht níos dlúithe na hÉireann le ECAT a chur chun cinn.
D’áitigh Horgan nach raibh aon cheart ag an nGinearál cur isteach ar ghnóthaí inmheánacha na tíre seo agus cháin sé go láidir an t-ardán oscailte neamhchriticiúil a thug RTÉ do Grynkewich chun a thuairimí a chraoladh.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!