Spraoi agus cairdeas ar saoire trí Ghaeilge i gCiarraí

Tháinig 49 teaghlach Gaeilge ó gach cearn den tír le chéile i gCorca Dhuibhne, Co. Chiarraí, ar an 9 Lúnasa chun seachtain lán le spraoi, cairdeas agus imeachtaí trí Ghaeilge a chaitheamh le chéile.

Is é Teanga Tí, rannóg teaghlaigh Ghlór na nGael, a eagraíonn an tSaoire Ghaeltachta, ócáid bhliantúil a thugann deis do theaghlaigh Ghaeilge tréimhse a chaitheamh i dtimpeallacht nádúrtha lán-Ghaeilge. Bíonn an tsaoire ar siúl an dara seachtain de mhí Lúnasa gach bliain i gColáiste Íde lasmuigh den Daingean.

Bhí clár leathan imeachtaí ar fáil arís i mbliana, agus breis agus 35 imeacht curtha ar bun do dhaoine d’aoiseanna éagsúla. I measc na n-imeachtaí bhí surfáil, spraoi ar an trá, ceardlanna ealaíne, siúlóidí treoraithe, scileanna peile, tóraíocht taisce agus tráth na gceist, chomh maith le réimse gníomhaíochtaí eile cois farraige.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.