Haiceáladh córas ríomhphoist Fhoras na Gaeilge i mí Iúil 2024 agus fuarthas rochtain neamhúdaraithe ar chuntas ríomhphoist inmheánach, atá deimhnithe ag Foras na Gaeilge.
Dúirt Foras na Gaeilge le An Páipéar gur cuireadh bac ar an rochtain nuair a aithníodh í agus gur tuairiscíodh an eachtra do na húdaráis chuí, lena n-áirítear na ranna rialtais a dhéanann urraíocht ar an eagraíocht.
Bhain an t-ionsaí le fioscaireacht tríd an gcuntas ríomhphoist a ndearnadh haiceáil air. Rinneadh iarrachtaí airgead a atreorú chuig cuntais bhainc bhradacha, agus d’éirigh le ceann amháin acu.
Is éard atá i gceist le fioscaireacht ná calaois ina ndéantar iarracht duine a mhealladh chun faisnéis rúnda nó airgead a thabhairt, trí phearsanú a dhéanamh ar dhuine nó ar eagraíocht a bhfuil muinín as.
De réir Fhoras na Gaeilge, cailleadh €21,000.
Tuairiscíodh an eachtra do Bhanc na hÉireann agus do Monzo Bank, chomh maith leis an nGarda Síochána. Tá imscrúdú an Gharda fós ar bun, cé go ndeir Foras na Gaeilge nach dócha go bhfaighfear an t-airgead ar ais.
Tuairiscíodh an eachtra freisin don dá chomhlacht cosanta sonraí, an Coimisiún um Chosaint Sonraí ó dheas agus Oifig an Choimisinéara Faisnéise ó thuaidh.
Ó tharla an eachtra tá athbhreithniú déanta ag Foras na Gaeilge ar a chórais agus ar a chleachtais inmheánacha slándála. Tá bearta nua glactha agus infheistíocht déanta chun an baol go dtarlódh eachtra den chineál céanna arís a laghdú.
Tagann an nochtadh i ndiaidh freagra a thug an tAire Dara Calleary ar Cheist Pharlaiminte 259, a chuir an Teachta Malcolm Byrne faoi bhráid na Dála. Sa fhreagra sin dúradh gur cailleadh €25,000 de bharr na heachtra agus gur aisghabhadh €3,601.85.
Dúirt Foras na Gaeilge freisin gur cheart d’eagraíochtaí Gaeilge a bheith airdeallach ar an mbagairt a bhaineann le húsáid intleachta saorga trí Ghaeilge ar mhaithe le calaois.
Níor mhaígh an eagraíocht go raibh intleacht shaorga in úsáid san ionsaí seo, áfach.
Tá an cheist sin suntasach i bhfianaise na ndeacrachtaí atá tagtha chun cinn le roinnt seirbhísí digiteacha Gaeilge le déanaí. Níl aon fhianaise faoi láthair a nascann na deacrachtaí sin le hionsaí 2024 ar Fhoras na Gaeilge.