Caithfear £3 mhilliún ar na craenacha, Samson & Goliath, i longchlós Harland & Wolff

agus 1969, faoi seach) ina siombailí de chathair Bhéal Feirste anois.
Grianghraf: © Rossographer (cc-by-sa/2.0)
Déanfar cóiriú ar na craenacha buí i longchlós Harland & Wolff, atá aitheanta ar fud Chathair Bhéal Feirste, ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin.
Déanfar an cóiriú mar chuid d’infheistíocht £100 milliún a bheas na húinéirí úra Spáinneacha á déanamh ar an longchlós.
Tá an longchlós ag ullmhú i gcomhair conradh mór cosanta, agus beidh an clós in úsáid mar shuíomh chóimeála le haghaidh trí long thacaíochta do Chabhlach Ríoga na Ríochta Aontaithe.
Cheannaigh an comhlacht Spáinneach Navantia Harland & Wolff in Eanáir 2025 nuair a bhí an comhlacht i mbaol dul faoi riarachán.
Maidir leis an obair a dhéanfar ar na craenacha, déanfar cóiriú ar a n-innill agus athrófar comhpháirteanna tábhachtacha iontu.
Dúirt Carlos Lopez Carregado, Bainisteoir Ginearálta ag Harland & Wolff, go ndéanfar an t-athchóiriú le meas ar stair na gcraenacha.
Dúirt sé fosta go bhfuil a fhios acu faoin bhród atá ag an chathair astu, agus go gcuirfidh an tionscadal suntasach seo na craenacha ar ais ar a seanléim.
Tá obair shuntasach déanta ag Navantia cheana féin agus iad ag ullmhú don tionscadal don chlár, ‘Flít Tacaíochta Láidir,’ agus tá tús curtha leis an tionscadal ag a suíomhanna eile sa Spáinn agus i Devon.
Ag deireadh mhí Iúil chuir Navantia tús le feachtas earcaíochta chun 28 ról a líonadh sa longchlós i mBéal Feirste agus an tionscadal á thosú acu. Tá siad ag earcú 21 táthaire, 5 phlátaire agus beirt oirtheoirí píopaí.
Dúirt Navantia go mbeidh Béal Feirste mar phríomhchlós seachadta an tionscadail. Beidh na trí long 39,000 tona ar na hárthaí is mó a sheachadfar ón longchlós le blianta anuas agus tabharfaidh siad tacaíocht riachtanach do Chabhlach Ríoga na Ríochta Aontaithe ar fud an domhain.
Tá Navantia ag pleanáil le haghaidh fáis in 2027 agus tá siad ag iarraidh fórsa saothair 1,500 a fhás i mBéal Feirste. Beidh 66 printíseach ag tosú ag obair i Meán Fómhair agus beidh 120 printíseach ag obair ar an chlós san iomlán.
Cuirfear tús leis an obair ar na longa go luath in 2027.