
Grianghraf: Melissa Blackburn
Ghabh turasóir as na Stáit Aontaithe an nóiméad drámatúil ar fhíseán nuair a bhris cuid mhór den Bhranán Mór ag Aillte an Mhothair i gContae an Chláir agus a thit sí isteach san Aigéan Atlantach.
Bhí Melissa Blackman, atá ar cuairt in Éirinn ó Texas, ag siúl ar chosán cósta na n-aillte Déardaoin seo caite, an 13 Lúnasa, nuair a tharla an titim charraige. Is féidir í a chloisteáil ag rá “wow” agus í ag taifeadadh an radhairc ar a ceamara.
Tá An Branán Mór ar cheann de na gnéithe geolaíochta is aitheanta faoi Aillte an Mhothair. Tá an stoc mara 67 méadar ar airde agus bhí sé ceangailte le príomhéadan na n-aillte tráth, sular scar creimeadh cósta uaidh é thar na mílte bliain.
Go gairid tar éis na titime, sheol Bád Farantóireachta Dhúlainn thar an láthair agus ghabh an criú píosa scannánaíochta den chuid nua-chreimthe. Ba é an Captaen Jim Griffin a thug an t-athrú faoi deara agus é i mbun turais mhara feadh Aillte an Mhothair.
“Seolaimid thar an stoc mara gach lá, mar sin thug mé faoi deara láithreach gur bhris cuid mhór de,” a dúirt sé.
“Cruthaíodh an fhoirmíocht charraige ar feadh na mílte blianta de chreimeadh agus tá an próiseas sin fós ag tarlú os ár gcomhair.”
Roinn Bád Farantóireachta Dhúlainn an físeán ar na meáin shóisialta agus mheall sé thart ar 3.4 milliún amharc ar ardáin éagsúla an chomhlachta. Dúirt an chuideachta nach bhfaca siad titim chomh suntasach sin sa cheantar le 20 bliain anuas.
Ar ámharaí an tsaoil tharla an titim tar éis dheireadh phríomhshéasúr neadaithe na n-éan mara. Cuireann An Branán Mór agus na haillte mórthimpeall gnáthóg thábhachtach ar fáil do líon mór éan mara a fhilleann ar an gceantar gach bliain.
Cruthaíodh Aillte an Mhothair timpeall 320 milliún bliain ó shin as dríodar a d’fhág aibhneacha ársa ina ndiaidh. Comhbhrúdh an dríodar sin ina shraitheanna gaineamhchloiche, sioltchloiche agus scealla.
Tá na haillte thart ar 14 chiliméadar ar fad ar feadh chósta an Chláir agus tá siad 214 méadar ar airde ag an bpointe is airde. Is cuid de Gheopháirc Dhomhanda UNESCO Bhoirne agus Aillte an Mhothair iad.
Cé gur tharla an titim is déanaí i gceann cúpla soicind, is toradh í ar chumhacht leanúnach thonnta an Atlantaigh, na gaoithe agus na haimsire, fórsaí atá fós ag athrú aghaidh chósta an Chláir.