Tá dáréag cúisithe anois ag Seirbhís Póilíneachta Tuaisceart Éireann Jack Mac Íomhair Bhí fear 29 bliain d’aois os comhair na cúirte, cúisithe as iarracht ar dhúnmharú agus coirlosceadh agus ag cur beatha daoine i mbaol. Baineann na cúisimh atá curtha i leith Christopher McLaughlin, as Céide Devon in Oirthear Bhéal Feirste, le coirloscadh ar theach…

Tá tús curtha go hoifigiúil le huachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus beidh ról lárnach ag an nGaeilge den chéad uair ó bhain sí lánstádas amach mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais in 2022. Is í seo an chéad uachtaránacht ina mbeidh an teanga á húsáid go forleathan i…
Diarmuid Breatnach Cé go bhfuil streachailt fhada i leith chaomhnú Shráid an Mhúraigh fós ar siúl gan réiteach, d’fhógair an rialtas pleananna chun foirgneamh Ard-Oifig an Phoist a athfhorbairt chun oifigí den chomhairle cathrach agus áiseanna miondíola a chur ann. Tá dlúthbhaint stairiúil ag an dá shuíomh lena chéile. Le linn laethanta deiridh Éirí Amach…
Eoin Ó Murchú Tá truailliú ag cur isteach go mór ar líon na mbradán agus na mbreac mara in Éirinn dar le haighneacht ó Chomhairle Slatiascaireachta na hÉireann don Chomhchoiste Oireachtais um Iascach agus Gnóthaí Muirí. Ag cruinniú den chomhchoiste i gcaitheamh na seachtaine dúirt an Chomhairle Slatiascaireachta gurb é an titim shuntasach i líon…

Seoladh an tuarascáil Grow the Show ag UkeFest 2026 i bPáirc an Athar de Búrca i nGaillimh le déanaí, mar chuid d’iarracht chun tacú le forbairt agus le hinbhuanaitheacht earnáil na bhféilte agus na n-imeachtaí sa réigiún. D’fhoilsigh Scileanna Réigiúnacha an Iarthair an tuarascáil i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Bhí UkeFest mar chúlra…
Nochtann díospóireacht Dála teannas fuinnimh. Pádraig de Burca Diúltaíodh do rún ó Pháirtí an Lucht Oibre sa Dáil an tseachtain seo caite a lorg moratóir láithreach ar thógáil ionad sonraí nua. Ach ní sular tharla díospóireacht chrua a léirigh na teannais atá ag teacht chun cinn idir uaillmhian dhigiteach na hÉireann agus srianta a córais…
Máirín Hurndall Baineadh geit as gach duine i ndiaidh chás cúirte Jeffrey Donaldson. Tá an scéal bogtha ar aghaidh, áfach, go dtí rud éigin eile ar fad. Ba léir nach raibh a fhios a lán aontachtaithe faoin chineál duine a bhi sa Dónallach, agus ós rud é go bhfuil sciar nach beag acu cráifeach, ba…

Pádraig de Burca Beidh an domhan cibearshlándála dírithe ar Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo chugainn, agus Dúshlán Idirnáisiúnta Cibearshlándála na mBan 2026 le hoscailt ar champas Ghráinseach Ghormáin in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath ar an 9 agus 10 Iúil. Beidh na foirne is fearr ón Afraic, Eoraip, Ceanada, Éire, Meiriceá Laidineach agus Muir…
Fógraíodh an maoiniú ag tús na seachtaine chun feabhas a chur ar na seirbhísí trasteorann Jack Mac Íomhair D’fhógair Rialtas na hÉireann go mbeidh €228m á chur ar fáil acu chun feabhas a chur ar na seirbhísí trasteorann. Beidh €193m de sin ag dul i dtreo an tionscadail idir Doire, Béal Feirste agus Baile Átha…

D’iarr Macra ar Rialtas na hÉireann leas iomlán a bhaint as uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh chun tacaíochtaí nithiúla a chinntiú d’fheirmeoirí óga agus chun athnuachan glúine a chur i gcroílár an chéad Chomhbheartais Talmhaíochta eile. Tagann an t-éileamh i ndiaidh imeacht páirtithe leasmhara uachtaránacht an AE de chuid na Roinne Talmhaíochta,…