Tá an cosc náisiúnta ar úsáid píobán uisce, atá i bhfeidhm ó dheireadh na míosa seo caite, le síneadh i dtrí chontae dhéag go deireadh mhí Mheán Fómhair, a d’fhógair Uisce Éireann.
Leanfaidh an tordú caomhnaithe uisce de bheith i bhfeidhm i gCeatharlach, Corcaigh, Baile Átha Cliath, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, Luimneach, an Mhí, Uíbh Fhailí, Tiobraid Árann, Port Láirge, Loch Garman agus Cill Mhantáin. Teastaíonn tuilleadh ama ó na soláthairtí sna ceantair sin chun teacht chucu féin.
Cuirfear deireadh leis an ordú ar an 26 Lúnasa i gCabhán, an Clár, Dún na nGall, Gaillimh, Ciarraí, Liatroim, Longfort, Lú, Maigh Eo, Muineachán, Ros Comáin, Sligeach agus an Iarmhí.
Tugadh an cosc isteach tar éis don aimsir the thirim brú mór a chur ar sholáthairtí uisce óil. Cuireann sé cosc ar phíobáin a úsáid chun gluaisteáin a ní, gairdíní a uisciú nó linnte lapadaí a líonadh.
Ghabh Uisce Éireann buíochas leis an bpobal as uisce a chaomhnú. Dúirt sé gur léirigh an cinneadh tionchar dearfach iarrachtaí an phobail agus feabhas ar na dálaí in go leor ceantar. Tá foinsí agus soláthairtí fós faoi bhrú in oirthear agus i ndeisceart na tíre, áfach.
Is féidir le píobán gairdín a úsáid ar feadh uair an chloig níos mó uisce a ídiú ná gnáth-theaghlach in aon lá amháin.