Pas riachtanach do phaisinéirí farantóireachta chun na Breataine

Beidh ar phaisinéirí a bheidh ag taisteal idir na 26 contae agus an Bhreatain le Irish Ferries agus Stena Line pas a iompar ón mí seo chugainn, de bharr athrú ar rialacha aitheantais na gcomhlachtaí.

Dúirt Irish Ferries go dtiocfaidh an riail nua i bhfeidhm ar a mbealaí ó Bhaile Átha Cliath go Caergybi agus ó Ros Láir go Penfro ar an 28 Meán Fómhair.

Beidh ar phaisinéirí Stena Line pas a thaispeáint freisin ar na seirbhísí ó Bhaile Átha Cliath go Caergybi agus ó Ros Láir go Fishguard.

Faoi láthair, ní iarrtar pas ar gach paisinéir i gcónaí. Glactar i gcásanna áirithe le cineálacha eile aitheantais fótagrafaigh, amhail ceadúnas tiomána nó cárta aitheantais náisiúnta. Ní ghlacfar leis na cáipéisí sin a thuilleadh ar na bealaí atá i gceist, áfach.

Dúirt an dá chomhlacht farantóireachta go raibh an t-athrú riachtanach chun cloí le ceanglais Fhórsa Teorann na Ríochta Aontaithe maidir le cruinneas agus sláine shonraí na bpaisinéirí sula dtéann siad ar bord.

Dar le Irish Ferries, cuirfidh an beart nua taisteal farantóireachta ar aon dul leis na seiceálacha cáipéisí atá á ndéanamh cheana féin ag go leor aerlínte.

Dheimhnigh Stena Line go mbeidh ar gach paisinéir pas nó cárta pas a thaispeáint, beag beann ar aois ná náisiúntacht. Cuirfear custaiméirí a bhfuil áirithint déanta acu cheana ar an eolas faoin athrú.

Faoin gComhlimistéar Taistil, níl pas de dhíth de réir dlí ar shaoránaigh Éireannacha ná Bhriotanacha agus iad ag taisteal idir an dá thír, cé gur féidir le comhlachtaí iompair a rialacha aitheantais féin a chur i bhfeidhm.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.