Ardú ar phointí i mbreis agus leath de chúrsaí na Lár-Oifige Iontrála

Fuair beagnach leath de scoláirí a bhfuil iarratas déanta acu ar chúrsaí céime Leibhéal 8 tairiscint dá gcéad rogha i gcéad bhabhta na Lár-Oifige Iontrála (LOI) tráth ar tháinig ardú ar na pointí i gcás beagnach 54% de na cúrsaí.

Eisíodh 90,866 tairiscint san iomlán do 62,166 iarratasóir. Astu sin, bhain 56,618 le cúrsaí Leibhéal 8 agus 34,248 le cúrsaí Leibhéal 6 nó 7. Fuair 48% d’iarratasóirí Leibhéal 8 tairiscint dá gcéad rogha, i gcomparáid le 51% anuraidh, agus tairgeadh ceann dá dtrí rogha ab airde do 76%, laghdú ó 80% in 2025.

Ag Leibhéal 6 agus 7 fuair 87% tairiscint dá gcéad rogha, i gcomparáid le 90% bliain ó shin. Fuair an LOI 95,740 iarratas i mbliana, os cionn 6,000 níos mó ná anuraidh, agus bhíothas ag súil go gcuirfeadh an méadú sin brú ar na pointí.

Tháinig ardú ar phointí beagnach 54% de na cúrsaí, tháinig laghdú ar 38% díobh agus níor tháinig aon athrú ar 8%. I measc na dtreochtaí ba shuntasaí, thit pointí na ríomheolaíochta i seacht n-ollscoil. D’fhéadfadh imní faoi thionchar na hintleachta saorga ar dheiseanna fostaíochta a bheith mar chuid den chúis leis sin.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.