Ó thraenáil ar an bhféar i mBré go Páirc an Chrócaigh lán go doras

Tabharfaidh Katie Taylor aghaidh ar Flora Pili i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn an 5 Meán Fómhair (Beo ar RTÉ 2 / RTÉ Player / RTÉ 2fm / DAZN – 8 pm) i dtroid a mheastar a bheidh ar an gceann deireanach dá gairmréim stairiúil. 

Beidh deis ag Taylor a bheith ina curadh domhanda éadrom-mheáchain throim gan cheistiú den dara huair nuair a rachaidh sí in adharca leis an bhFrancach gan sárú. Cuirfidh an ócáid clabhsúr oiriúnach, b’fhéidir, ar cheann de na gairmréimeanna is suntasaí i stair spórt na hÉireann.

Tá codarsnacht mhór idir Páirc an Chrócaigh lán go doras agus an áit ar thosaigh Taylor ag foghlaim a ceirde beagnach 30 bliain ó shin. Agus í ina cailín óg i mBré, bhain sí triail as an dornálaíocht faoi stiúir a hathar Pete. Bhíodh sí ag traenáil ar an bhféar nuair nach raibh ionad ceart ar fáil agus í ag cur feabhas ar a cuid scileanna in éineacht lena deartháir Peter.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.