Séasúr nua lán drámaíochta, ceoil agus spóirt fógartha ag TG4

Tá TG4 tar éis sceideal fairsing an fhómhair 2026 a fhógairt, agus an dara sraith den dráma coireachta Crá, formáidí úra siamsaíochta, cláir faisnéise nua agus réimse mór spóirt bheo i measc na mbuaicphointí.

Nochtadh an sceideal ag ócáid i Staid Dexcom i nGaillimh agus an stáisiún ag ullmhú le 30 bliain ar an aer a cheiliúradh Oíche Shamhna. Tosófar ag craoladh na gclár nua ar TG4 agus ar a ardáin dhigiteacha ó Mheán Fómhair.

Beidh Crá ar cheann de phríomhchláir an tséasúir tar éis don chéad sraith a bheith díolta le 68 tír. Sa dara sraith, cuirfear saol nua an bhleachtaire Conall Ó Súilleabháin trína chéile nuair a éalaíonn coirpeach ón bpríosún agus cuirtear iallach air filleadh ar Charraig na nGall.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.