Ainmniúcháin oscailte do Ghradaim Náisiúnta Oibrithe Deonacha na Croise Deirge

Tá ainmniúcháin á lorg anois do Ghradaim Náisiúnta Oibrithe Deonacha Chrois Dhearg na hÉireann 2026, a thugann aitheantas d’obair agus do thiomantas oibrithe deonacha ar fud na tíre.

Tá 3,400 ball ag an eagraíocht in 71 craobh. Cuireann siad tacaíocht phraiticiúil agus sólás ar fáil do phobail agus iad ag ullmhú d’éigeandálaí, ag freagairt dóibh agus ag teacht chucu féin ina ndiaidh.

“Is é a bheith i láthair an rud is fearr a dhéanann ár n-oibrithe deonacha,” a dúirt Ard-Rúnaí Chrois Dhearg na hÉireann, Deirdre Garvey. Dúirt sí go gcabhraíonn siad le daoine i ndiaidh stoirmeacha agus tuilte, ach go mbíonn siad gníomhach freisin ag ranganna garchabhrach, cluichí áitiúla agus imeachtaí pobail.

Tá ocht gcatagóir ann, ina measc Oibrí Deonach na Bliana, Oibrí Deonach Óg na Bliana, Craobh na Bliana, Teagascóir na Bliana agus Gradam Saoil.

Anuraidh, ainmníodh Tim Kelleher as Cloich na Coillte mar Oibrí Deonach na Bliana tar éis 17 mbliana seirbhíse. Bhuaigh Craobh Chathair Luimnigh Craobh na Bliana agus bronnadh Gradam Oibrí Deonach Óg na Bliana ar Isabella Nordon as Dún Dealgan.

Is féidir ainmniúcháin a dhéanamh ag redcross.ie/nva go dtí an 25 Meán Fómhair. Bronnfar na gradaim ag searmanas i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn, an 28 Samhain.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.