Tá cosc sé seachtaine ar úsáid píobán uisce curtha i bhfeidhm ag Uisce Éireann i sé limistéar ar fud na tíre mar iarracht soláthairtí uisce óil a chosaint le linn na tréimhse aimsire te agus tirime atá ag leanúint ar aghaidh. Tháinig an tOrdú Caomhnaithe Uisce i bhfeidhm go gairid tar éis meán oíche Déardaoin…

Tá fáilte mhór curtha ag an rialtas roimh an nuacht go bhfuil Intel, an comhlacht teicneolaíochta, le hinfheistíocht cúig bhilliún euro a dhéanamh ar an gcampas i Léim an Bhradáin. Is cuid de phlean é an infheistíocht chun sliseanna ríomhaireachta den chéad ghlúin eile a mhonarú chun cumhacht a thabhairt do theicneolaíochtaí nua na hIntleachta…
D’fhreastail Carla Lockhart, Feisire de chuid an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh (PAD) ag an imeacht ‘Daoine Óga ar son an Aontachtais’ i Modhscoil Buachaillí Bhéal Feirste an tseachtain seo caite. Mhol Lockhart dóibh siúd a bhí sa seomra foghlaim ón náisiúnachas, agus dúirt sí gur pobal iad a bhfuil ‘eaglais amháin, spórt amháin agus páirtí polaitíochta…

Tá Tusla – an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach – tar éis a Tuarascáil Bhliantúil do 2025 a fhoilsiú, ina léirítear gur shroich an t-éileamh ar sheirbhísí na gníomhaireachta an leibhéal is airde riamh. Léiríonn na figiúirí gur atreoraíodh 55,483 leanbh chuig Tusla le linn na bliana mar gheall ar imní faoi shábháilteacht nó…

D’éirigh leis an “Tairiscint maidir le Cóipcheart Ealaíontóirí na hÉireann a Chosaint i Ré na hIntleachta Saorga” sa Dáil an tseachtain seo, rún a chuir Aengus Ó Snodaigh (Sinn Féin) os comhair an Tí. Ós rud é gur ghlac an rialtas leis, ní raibh gá le vóta foirmiúil. Éilíonn an rún cosaint reachtúil do chruthaitheoirí…
Chaith an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce €3.9 milliún ar dheich n-eitilt díbeartha ó mhí Feabhra 2025, de réir figiúirí nua a cuireadh faoi bhráid an Choiste um Chuntais Phoiblí. Léiríonn na sonraí gur thionlaic 988 ball den Gharda Síochána 377 duine a díbríodh ón Stát le linn na n-oibríochtaí sin. Is…

Chuir Sinn Féin an bille maidir le pleanáil agus ullmhúchán os comhair na Dála Dé Máirt Jack Mac Íomhair Pléadh bille de chuid Shinn Féin maidir le hathaontú na tíre ar an Mháirt sa Dáil. Bhí Sinn Féin ag iarraidh ar an rialtas páipéar uaine maidir le hathaontú a ullmhú agus Tionól Saoránach a chur…

Imní ag Méadú faoi Inbhuanaitheacht na Greille Pádraig de Burca Tá figiúirí nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) tar éis béim athnuaite a chur ar an dúshlán mór atá roimh an ngréasán leictreachais in Éirinn. De réir na sonraí is déanaí, d’úsáid na lárionaid sonraí 23% den leictreachas náisiúnta anuraidh, méadú de 1% ar an mbliain…

Bhain táirgeadh grianfhuinnimh in Éirinn buaic nua amach i mí an Mheithimh, agus tháinig níos mó ná 40% den leictreachas a gineadh sa tír ó fhoinsí in-athnuaite den chéad uair i mbliana, de réir sonraí sealadacha a d’fhoilsigh EirGrid. Léiríonn na figiúirí gur chuir fuinneamh na gréine 8.2% leis an meascán breosla foriomlán le linn…

Sheol an Banc Ceannais bonn comórtha nua €2 Dé Luain chun ceiliúradh a dhéanamh ar Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, atá tosaithe an mhí seo. Beidh leathmhilliún den bhonn speisialta á chur i gcúrsaíocht ón Máirt, rud a chiallaíonn go mbeidh sé le fáil i ngnáth-idirbhearta airgid ar fud na hÉireann agus,…