Creideann formhór na leanaí in Éirinn gur fearr iad a mhúineadh conas fanacht sábháilte ar líne ná cosc a chur orthu na meáin shóisialta a úsáid, de réir taighde nua ó Choimisiún na Meán.
Léirítear sa tuarascáil Sábháilteacht Ar Líne agus Saol Digiteach Leanaí, a foilsíodh inné (Déardaoin), gur aontaigh 69% de leanaí leis an gcur chuige sin. Bhí beagnach leath de thuismitheoirí agus cúramóirí, 49%, ar aon intinn leo, agus níor aontaigh 21%.
Cheap 67% de leanaí nach mbeadh cosc ar na meáin shóisialta éifeachtach mar go n-aimseoidís bealach chun dul timpeall air. I measc tuismitheoirí agus cúramóirí, d’aontaigh 43% leis an tuairim sin, i gcomparáid le 23% a d’easaontaigh.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!