Tá pobail i gceantair chósta na Gaillimhe agus Bhaile Átha Cliath ar na pobail is mó atá i mbaol ó thuilte, creimeadh cósta agus ardú leibhéal na farraige, de réir léarscáil nua a d’fhorbair taighdeoirí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
Léirigh an staidéar go bhfuil breis agus 20,000 duine i mBaile Átha Cliath agus 9,971 duine i gCathair na Gaillimhe ina gcónaí laistigh de 500 méadar de chósta atá rangaithe mar limistéar ina bhfuil nochtadh an-ard do ghuaiseacha aeráide.
I measc na gceantar i mBaile Átha Cliath ina bhfuil ardleibhéal nochta tá Dumhach Thrá, an Charraig Dhubh, Cluain Tarbh, Cill Fhionntáin agus Baile Dúill.
Is í seo an chéad léarscáil náisiúnta a léiríonn an nochtadh do ghuaiseacha aeráide feadh chósta iomlán na hÉireann. Rinneadh measúnú ar thart ar 8,575 ciliméadar den chósta ag eatraimh 250 méadar. Baineadh úsáid as sonraí gaoithe agus tonnta ó thréimhse 30 bliain, mar aon le heolas faoi ardú leibhéal na farraige, borradh stoirme, cineálacha cladaigh, tír-raon cósta agus gnáthóga nádúrtha.
Tá an fad is mó de chósta atá faoi nochtadh an-ard i Maigh Eo, ag 414.5 ciliméadar. Tá an fad is mó de chósta faoi ard-nochtadh, 330 ciliméadar, agus nochtadh measartha, 297 ciliméadar, i nGaillimh.
Cé go bhfuil codanna móra de chósta Chorcaí rangaithe mar limistéir ísealnochta, tá riosca an-ard fós ann in aice le bailte ísle ar nós Bhaile Chaisleáin Bhéarra, an Chóibh, Garraí Bhuí agus Eochaill.
Fuarthas amach freisin go bhfuil 1,797 láthair oidhreachta cultúrtha laistigh de chriosanna an-ardnochta. Ina measc tá ráthanna, dúnta ceann tíre agus reiligí ársa cósta.
Dúirt príomhúdar an staidéir, Kevin Walsh, go bhfuil dumhcha, riasca goirt, machairí agus féar mara in ann cosaint a thabhairt do 38% de chósta na hÉireann. Dúirt an Dr Aaron Lim gur deis í an léarscáil gníomhú go réamhghníomhach agus acmhainní a dhíriú ar na pobail, an bonneagar agus an oidhreacht is mó atá i mbaol.
Is feidir feachaint ar an learscáil ag: https://ucc.maps.arcgis.com/apps/instant/sidebar/index.html?appid=1c2d12ded52c4189931d09be41cb2252