Shane Halpin ainmnithe mar Fheirmeoir Óg na Bliana FBD 2026

Tá Shane Halpin as Baile Átha Cliath ainmnithe mar Fheirmeoir Óg na Bliana FBD 2026, an chéad duine ón gcontae a bhuaigh an comórtas ó bunaíodh é ocht mbliana is fiche ó shin.

Fógraíodh an bua ag féasta bliantúil an chomórtais in Óstán Heritage i gCoill an Ard, Contae Laoise. Bhuaigh Halpin an gradam d’Fhiontair Eile chomh maith.

Reáchtálann sé Welgro Produce lena chomhpháirtí gnó Seán, comhlacht a fhásann seacht n-acra cúcamair ag roinnt suíomhanna i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Bhunaigh sé an gnólacht in 2021 ar phlandlann trí acra a bhí ar léas, tar éis dó a bheith bainteach leis an bhfeirmeoireacht, agus leis an ngairneoireacht go háirithe, ó bhí sé óg.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.