Tá cáineadh déanta ag coireolaí agus oibrí pobail ar Scéim Atreoraithe Sláinte nua Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus é ag maíomh gur mó an tairbhe a dhéanfaidh sí d’úsáideoirí drugaí meánaicmeacha nó saibhre ná do dhaoine a bhfuil ciontuithe roimhe seo acu. Tháinig an scéim i bhfeidhm ag meán oíche agus tugann sí rogha eile…
Tá an t-achrann maidir le mórshiúl Oráisteach i nDroim Crí ag tarlú le blianta fada sna sé chontae. Bhí na blianta is conspóidí agus is foréigní idir 1995 agus 2000 nuair a bhí an fócas ar fad ar Bhóthar Gharbhachadh. Bhí Bhain roinnt dúnmharuithe leis an achrann, dúnmharú sibhialtach amhail Michael McGoldrick agus Rosemary Nelson,…

Tá liosta ainmneacha na stoirmeacha don 12 mhí amach romhainn fógartha ag Met Éireann, ag Oifig Meitéareolaíochta na Breataine agus ag seirbhís aimsire na hÍsiltíre, KNMI. Tá 21 ainm ar an liosta don séasúr 2026/2027. Is iad Austen, Boelo agus Chloe na chéad ainmneacha a úsáidfear, agus ina ndiaidh sin beidh Dano, Evelyn, Finn, Gwendolyn,…
Tá vóta ollmhór tugtha ag baill cheardchumann Fórsa atá fostaithe san earnáil phoiblí i bhfabhar gníomhaíocht thionsclaíoch, suas go dtí agus lena n-áirítear dul ar stailc, mar gheall ar an aighneas faoi phá. I mballóid ina raibh breis agus 64,000 ball i dteideal vóta a chaitheamh, thacaigh 96.6% díobh le gníomhaíocht thionsclaíoch. Is é Fórsa…

Thacaigh an carthanas Depaul le 8,204 duine ar fud oileán na hÉireann in 2025, méadú 12% ar an mbliain roimhe sin, de réir thuarascáil tionchair nua na heagraíochta. Bhí 5,630 duine fásta agus 2,574 leanbh i measc na ndaoine a fuair cúnamh ó Depaul. Dúirt an carthanas gur léirigh na figiúirí an brú mór atá…
Tá sé fógraithe ag an Aire Cosanta Helen McEntee le déanaí go bhfuil Éire le €10 milliún a chur ar fáil don Úcráin ar mhaithe le háiseanna míleata oiliúna a thógáil san Úcráin in ainneoin sheasamh oifigiúil neodrachta an stáit. Is áis oiliúna é a ullmhaíonn saighdiúirí le troid ar an bpáirc chatha, a thagann…

Tá ainmniúcháin á lorg anois do Ghradaim Náisiúnta Oibrithe Deonacha Chrois Dhearg na hÉireann 2026, a thugann aitheantas d’obair agus do thiomantas oibrithe deonacha ar fud na tíre. Tá 3,400 ball ag an eagraíocht in 71 craobh. Cuireann siad tacaíocht phraiticiúil agus sólás ar fáil do phobail agus iad ag ullmhú d’éigeandálaí, ag freagairt dóibh…

Beidh ar phaisinéirí a bheidh ag taisteal idir na 26 contae agus an Bhreatain le Irish Ferries agus Stena Line pas a iompar ón mí seo chugainn, de bharr athrú ar rialacha aitheantais na gcomhlachtaí. Dúirt Irish Ferries go dtiocfaidh an riail nua i bhfeidhm ar a mbealaí ó Bhaile Átha Cliath go Caergybi agus…

Tá ómós á thabhairt ar fud an domhain do Dolly Parton, réalta mór an cheoil tíre, a fuair bás in Nashville agus í 80 bliain d’aois. Amhránaí, cumadóir, aisteoir agus daonchara ab ea í a raibh cáil idirnáisiúnta uirthi, ach bhí ceangal speisialta aici le hÉirinn agus, go háirithe, le Gaeltacht Chorca Dhuibhne. Is é…
Tá an cosc náisiúnta ar úsáid píobán uisce, atá i bhfeidhm ó dheireadh na míosa seo caite, le síneadh i dtrí chontae dhéag go deireadh mhí Mheán Fómhair, a d’fhógair Uisce Éireann. Leanfaidh an tordú caomhnaithe uisce de bheith i bhfeidhm i gCeatharlach, Corcaigh, Baile Átha Cliath, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, Luimneach, an Mhí,…