Tá comhpháirtíocht nua seolta ag An Post agus Kabin Crew chun daoine óga ar fud na hÉireann a spreagadh lena nguth, lena gcruthaitheacht agus lena gcuid smaointe a úsáid chun athrú dearfach a chruthú.
Seoladh an feachtas ar Lá Idirnáisiúnta na Litearthachta agus tá amhrán úrnua, scríofa agus léirithe ag baill de Kabin Crew, mar chuid lárnach de. Tá sé bunaithe ar an teachtaireacht: “Tá cumhacht i do chuid focal. Bain úsáid astu.”
Tá sé mar aidhm leis an bhfeachtas a léiriú gur féidir le focail daoine a nascadh, pobail a neartú agus daoine óga a chumhachtú chun an todhchaí a mhúnlú. Cuirfear i bhfeidhm ar fud na tíre é i rith an fhómhair trí ábhar digiteach, gníomhaíochtaí pobail agus tionscnaimh litearthachta.
Canfaidh Kabin Crew an t-amhrán nua taobh amuigh d’Ard-Oifig an Phoist Chorcaí ar Shráid Phluincéid ag 6.30 tráthnóna Dé hAoine, an 18 Meán Fómhair, mar chuid d’Oíche Chultúir.
Dúirt Ella, ball 14 bliana d’aois de Kabin Crew, go raibh súil aici go spreagfadh an t-amhrán daoine chun níos mó a léamh agus a scríobh agus chun creidiúint i gcumhacht a bhfocal féin.
“Baineann sé le léiriú go bhfuil guth ag gach duine agus gur féidir leis an léitheoireacht agus an scríbhneoireacht cabhrú le daoine iad féin a chur in iúl, a bheith cruthaitheach agus mothú go bhfuil cumhacht acu,” a dúirt sí.
Dar le Debbie Byrne, Stiúrthóir Bainistíochta Miondíola An Post, ní bhaineann litearthacht le léamh agus scríobh amháin sa lá atá inniu ann, ach le muinín, cruthaitheacht, nasc agus rannpháirtíocht freisin.
Dúirt sí go bhfuil an cumas smaoineamh go cruthaitheach agus cumarsáid shoiléir a dhéanamh níos tábhachtaí ná riamh de réir mar a athraíonn an intleacht shaorga agus teicneolaíochtaí digiteacha an saol.
Dúirt Garry McCarthy, bunaitheoir agus stiúrthóir cruthaitheach The Kabin Studio, go bhfoghlaimíonn daoine óga trí rapáil, amhránaíocht agus léiriú conas a gcuid smaointe a chur i bhfocail agus a scéalta féin a insint.
Tacaíonn An Post cheana féin le tionscnaimh ar nós Leabharlann Shamhlaíochta Dolly Parton, Time to Read agus a Chomórtas Lámhscríbhneoireachta.