Ionad léirmhínithe Gaeilge beartaithe do Bhéal Feirste

Tá tús curtha ag Foras na Gaeilge le hobair ullmhúcháin chun féidearthacht ionaid léirmhínithe don Ghaeilge i mBéal Feirste a fhiosrú, mar chuid de shraith cinntí a ghlac bord na heagraíochta maidir le forbairt na teanga agus tacaíocht do ghrúpaí pobail.

Ag cruinniú boird a reáchtáladh i gceannáras Fhoras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar an 11 Meán Fómhair, iarradh ar an bhfoireann ardbhainistíochta pleananna cinnte a fhorbairt don ionad beartaithe. Iarradh orthu freisin dul i mbun plé oifigiúil leis na páirtithe leasmhara cuí.

Bheadh sé mar aidhm ag an áis stair, cultúr agus forbairt chomhaimseartha na Gaeilge a chur i láthair an phobail agus cuairteoirí chuig Béal Feirste a mhealladh. Scrúdófar anois na féidearthachtaí a bhaineann leis an tionscadal agus an ról a d’fhéadfadh a bheith aige i saol cultúrtha na cathrach.

Chinn an bord freisin síneadh bliana a thabhairt do dhá cheann de phríomhscéimeanna pobail Fhoras na Gaeilge agus pleananna na heagraíochta do 2027 á bplé.

Tacaíonn an Scéim Ionaid Ghaeilge le 16 ionad Gaeilge ar fud an oileáin. Cuireann an Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge maoiniú ar fáil do 36 grúpa pobail, rud a chuireann ar a gcumas 28 oifigeach Gaeilge a fhostú agus réimse gníomhaíochtaí forbartha teanga a reáchtáil.

Dúirt Foras na Gaeilge go gcinnteodh an síneadh go leanfaí den tacaíocht riachtanach do na heagraíochtaí agus do na pobail lena mbaineann, go dtí go mbeadh cinnteacht ann maidir le maoiniú na heagraíochta ó mheastacháin bhuiséadacha an rialtais níos déanaí san fhómhar.

Tá súil ag Foras na Gaeilge le méadú suntasach ar a bhuiséad don bhliain 2027, ag tógáil ar an maoiniú breise a chuir an tAire Dara Calleary ar fáil in 2026. Ba é sin an chéad mhéadú suntasach ar bhuiséad na heagraíochta le cúig bliana.

Cuireadh in iúl don bhord, áfach, go mbeadh babhtaí nua de na scéimeanna pobail ag brath ar thoradh na meastachán buiséadach. Ní dhéanfar cinneadh maidir lena leathnú go dtí go mbeidh soiléireacht ann faoin maoiniú a bheidh ar fáil in 2027.

Dúirt cathaoirleach an bhoird, an tOllamh Regina Uí Chollatáin, gur léiriú iad na cinntí ar thiomantas leanúnach Fhoras na Gaeilge d’fhorbairt straitéiseach na Gaeilge agus d’úsáid éifeachtach na n-acmhainní atá ar fáil chun freastal ar phobal na teanga ar fud an oileáin.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.