
Déanfar ceiliúradh ar an obair chruthaitheach agus luachmhar atá ar bun ag pobail Ghaeilge agus Ghaeltachta ar fud na tíre ag Ardán 26, a bheidh ar siúl in Óstán Chonnacht, Gaillimh, Dé Sathairn an 19 Meán Fómhair.
Is comórtas náisiúnta úr de chuid Ghlór na nGael é Ardán, a thugann aitheantas do ghrúpaí atá ag cruthú deiseanna fiúntacha chun an Ghaeilge a úsáid agus ag neartú a bpobal. Fuarthas breis agus 100 iontráil ó 59 grúpa i mbliana, agus roghnaíodh 32 grúpa don ghearrliosta.
Tá ceithre ghrúpa san iomaíocht i ngach ceann d’ocht gcatagóir: An Óige, An Teaghlach, An Ghaeltacht, Oideachas, Tacaíochtaí Pobail agus Folláine, Gnó agus Fiontraíocht, Labhairt na Gaeilge, agus Caomhnú Comhshaoil agus Caomhnú Oidhreachta.
Cuirfear tús le himeachtaí an lae ag 10.30 am le Comhdháil Mholtóireachta Ardán. Cuirfidh na grúpaí a dtionscadail i láthair painéil moltóirí in dhá sheomra comhdhála. I measc na dtionscadal tá seirbhísí óige, tacaíochtaí teaghlaigh, féilte pobail, tionscnaimh oideachais, fiontraíocht shóisialta agus obair chaomhnaithe.
Beidh Seomra Teaghlaigh á reáchtáil ag Teanga Tí ó 11 am go 4 pm, ina mbeidh ealaín, scileanna sorcais, scéalaíocht, rannta agus spraoi do pháistí. Fógrófar na cáilitheoirí don bhabhta ceannais ag 5 pm agus tabharfaidh an dá ghrúpa is airde scór cur i láthair eile ag 6.30 pm.
Tá duaischiste €83,000 ann. Gheobhaidh an buaiteoir foriomlán €20,000 agus gheobhaidh an dara háit €10,000. Bronnfar €3,000 ar bhuaiteoir gach catagóire agus €1,000 ar na rannpháirtithe eile. Bronnfar deich nduais aitheantais de €500 freisin.
Dúirt Frainc Mac Cionnaith ó Ghlór na nGael gur léiriú iontach iad líon agus caighdeán na n-iontrálacha ar an obair atá ar bun sna pobail.
Críochnófar an lá le mórdhinnéar, bronnadh na nduaiseanna agus ceolchoirm le Johnny Óg Connolly agus a chairde. Is í Sinéad Ní Uallacháin a bheidh mar bhean an tí.