Céannacht amhairc úr nochta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe

Tá céannacht amhairc nua nochta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe atá fréamhaithe in oidhreacht shibhialta agus mhuirí na cathrach agus a thugann áit níos feiceálaí don Ghaeilge.

Coinnítear an marún mar phríomhdhath sa dearadh nua, agus úsáidtear gorm freisin mar léiriú ar Abhainn na Gaillimhe. Tá an litir bheag “g” i gcroílár na céannachta, agus a cruth bunaithe ar chabhail na loinge atá le feiceáil ar Armas Chathair na Gaillimhe. Tarraingíonn stíl na litreach freisin ar thraidisiún an tseanchló, an cló Gaelach.

Beidh ainm Gaeilge an údaráis áitiúil, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, níos suntasaí sa chóras nua. Coinneofar Armas na Cathrach mar chuid den bhranda agus leanfar dá úsáid ar shéala oifigiúil na cathrach agus i gcomhthéacsanna foirmiúla, lena n-áirítear slabhraí oifige an Mhéara agus an Leas-Mhéara.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.