Deireadh curtha le hionchoisne maidir le bás Noah Donohoe 

Tá cinneadh d’aon ghuth déanta ag an giúire in ionchoisne báis Noah Donohoe Dé Máirt. Rinneadh na cinntí i ndiaidh cúig lá de bhreithniú.

Bhí an t-ionchoisne ag amharc ar na cúinsí bhás Noah Donohoe. Chuaigh Noah, 14, ar iarraidh i mí Mheithimh 2020 agus thángthas ar a chorp seachtain ina dhiaidh sin i dTuaisceart Bhéal Feirste.

Thoisigh an t-ionchoisne i mí Eanáir, agus chualathas ó 76 finné, agus léadh 42 ráiteas finné amach sa chúirt. Tugadh 62 lá d’fhianaise ar feadh tréimhse cúig mhí. 

Cuireadh 10 gceist ar an naonúr a bhí ar an ghiúiré. Baineann cuid de na ceisteanna is suntasaí leis an Roinn Boinneagair agus Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (SPTÉ). 

Thug an giúiré breithiúnas go raibh an Roinn Bonneagair lochtach nár aithin siad contúirt ar an tsuíomh agus nach raibh aon chomhartha rabhaidh ann.

Thug an giúiré breithiúnas fosta nach raibh baint ar bith ag an Roinn nó ag an SPTÉ le bás Noah, ach liostaigh an giúiré trí theip déag de chuid SPTÉ le linn a bhfiosrúcháin. 

Thug an giúiré achoimre ar an dóigh ar tharla bás Noah. Chinn siad gur bádh é, agus go bhfuair sé bás idir 7 pm agus meán oíche Dé Domhnaigh an 21 Meitheamh 2020.

Dúirt Niall Murphy, dlíodóir Fiona Donohoe, máthair Noah, gurbh é Noah an bronntanas is fearr dá bhfuair sí riamh. 

Dúirt sé gur tháinig Fiona chun freagraí a fháil agus fágann sí le freagra amháin soiléir, is é sin gur loic an Roinn Bonneagair agus SPTÉ ar Noah. 

De réir ráiteas Fiona rinne an SPTÉ agus an Roinn Bonneagair iarracht an locht a chur ar Noah agus nocht an t-ionchoisne cultúr cosantachta institiúidí sna húdaráis phoiblí seo.

Dé Céadaoin fosta dúirt an Céad-Aire, Michelle O’Neill, go mbeidh sí ag ardú tuairisc Robert Hamill le hArdchonstábla SPTÉ. Fuair Hamill, 25, bás i bPort an Dúnáin in 1997 i ndiaidh do dhílseoirí bogmharú a thabhairt air. De réir na tuairisce theip ar na póilíní roinnt uaireanta san fhiosrúchán, agus gur tugadh leid do dhuine a bhí faoi amhras i leith an ionsaí a éadaí a scriosadh.

Tháinig scéal eile chun tosaigh le linn na seachtaine go mbeidh fiosrúchán Pat Finucane ag meas an mhéid a chuidigh an stát leis na dúnmharfóirí i gcás Finucane. Thosaigh an fiosrúchán i mí an Mheithimh agus níl aon dáta deimhnithe d’fhad an fhiosrúcháin.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.